Easpa dúthrachta líomhnaithe i ndéileáil le gearán sáraithe

Teangacha ar fáil :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Cás :  0930/2010/(ANA)CK
    Tosaithe an 2010 Meith 28 - Cinneadh an 2012 Aib 27
  • Instituid áirithe :  Coimisiún na gComhphobal Eorpach
  • Abhar dlíthiúil :  Cánachas
  • An cineál drochriaracháin – (i) sáruithe, o (ii) sáruithe ar dhualgais maidir le: :  An dualgas na forais do chinntí a lua agus a chur in iúl go bhféadfar achomharc a dhéanamh [Airteagail 18 agus 19 CEDIR]
  • Abhar :  An Coimisiún mar chaomhnóir na gConarthaí: Airteagal 258 CFAE (sean-Airteagal 226 den Chonradh CE)
Car
Údar: European Ombudsman/Sambotte Arts Graphiques
Cóipcheart: European Union

Achoimre ar an gcinneadh faoi ghearán 930/2010/(ANA)CK i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

Rinne an gearánach gearán leis an Ombudsman Eorpach ag áiteamh nár dhéileáil an Coimisiún Eorpach go hiomchuí lena ghearán sáraithe, inar áitigh sé gur sháraigh an Chipir an dlí AE trí fhiafraí dó dhá mhuirear cánach a íoc nuair a bhí gluaisteán athláimhe á iompórtáil aige.D’áitigh sé gurbh "cáin mháil" a bhí i gceist le ceann de na muirir chánacha.

I Márta 2011, rinne an tOmbudsman moladh i ndáil le réiteach cairdiúil, ag tabhairt cuireadh don Choimisiún athscrúdú a dhéanamh ar ghearán sáraithe an ghearánaigh i gcoinne na Cipire. Ina fhreagra ar an moladh, chuir an Coimisiún in iúl don Ombudsman gur seoladh litir fógra fhoirmiúil chuig an gCipir ar 7 Aibreán 2011 ag léiriú go raibh ceann de na cánacha nach raibh i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 110 CFAE. Lena chois sin, shonraigh sé go bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar ghné eile de reachtaíocht na Cipire ar chánachas gluaisteán i gcomhthéacs cáis níos sine (cás 2005/4093). Lean an Coimisiún ar aghaidh ag sonrú go gcoimeádfaí an gearánach ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht bhreise a ghlacadh sé de láimh maidir leis na cásanna seo

Bhain an tOmbudsman de thátal as nach bhfuil bonn cirt le fiosrúcháin bhreise, toisc gur léir go bhfuil aird iomchuí á thabhairt ag an gCoimisiún ar na saincheisteanna substainteacha a tugadh chun solais i ngearán sáraithe an ghearánaigh. Ar mhaithe le cuidiú leis an gCoimisiún feabhas breise a chur ar a chuid nósanna imeachta, rinne an tOmbudsman dhá ráiteas breise.