Rochtain ar thuairiscí um fhrithghníomh díobhálach in aghaidh druga

Teangacha ar fáil :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Cás :  3106/2007/(TS)FOR
    Tosaithe an 2008 Aib 21 - Dréachtmholtaí an 2011 Feabh 8, 2011 Feabh 8 - Cinneadh an 2011 Noll 14
  • Instituid áirithe :  An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach
  • Abhar dlíthiúil :  Eoraip an phobail
  • An cineál drochriaracháin – (i) sáruithe, o (ii) sáruithe ar dhualgais maidir le: :  Iarratais ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid [Airteagal 23 CEDIR]
  • Abhar :  Déileáil le hiarratais ar fhaisnéis agus iarratais maidir le rochtain ar cháipéisí (Trédhearcacht)
Medication
Údar:
Cóipcheart: Stocklib © Anna Khomulo

Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 3106/2007/(TS)FOR i gcoinne na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí

D’iarr an gearánach, a oibríonn i ndlíghnólacht na Gréige, ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach rochtain phoiblí a thabhairt dó ar dhoiciméid áirithe, eadhon, tuarascálacha um fhrithghníomh tromchúiseach díobhálach amhrasta i ndáil le Septrin, táirge cógaseolaíoch. Dhiúltaigh an Ghníomhaireacht dá iarratas rochtana. Bhunaigh sí a cinneadh ar an ngá le leasanna tráchtála a chosaint.

Tar éis iniúchadh a dhéanamh ar na hargóintí a chuir an gearánach agus an Ghníomhaireacht faoi bhráid, rinne an tOmbudsman dréachtmholadh chuig an nGníomhaireacht. Mheas sé go mbaineann rialacha an AE i ndáil le rochtain phoiblí ar dhoiciméid le doiciméid i seilbh na Gníomhaireachta freisin. Fuair sé nach raibh fianaise ann gur chuimsigh na tuarascálacha iarrtha aon fhaisnéis rúnda tráchtála nó aon fhaisnéis eile a dhéanfadh dochar d’aon leasanna dlisteanacha gnó tríú páirtí. Shonraigh sé, áfach, go ndearna an Ghníomhaireacht argóint nua a mhaígh go gcaithfí sonraí pearsanta (amhail sonraí pearsanta na n-othar agus na ndochtúirí tuairiscithe) cuimsithe sna doiciméid iarrtha a chur in eagar.

Ina freagra ar an dréachtmholadh, d’aithin an Ghníomhaireacht bunphrionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta, agus d'aontaigh sí rochtain a thabhairt don ghearánach ar na sonraí iarrtha, tar éis di sonraí pearsanta a bhaint as.

Ghabh an gearánach buíochas leis an Ombudsman as ucht a chuid iarrachtaí cabhrú leis.

Agus an cás á dhúnadh aige, d’aithin an tOmbudsman an dul chun cinn tábhachtach atá déanta ag an nGníomhaireacht i ndáil lena cuid oibre a dhéanamh níos trédhearcaí. Anuas air sin, shonraigh sé go gcinnteoidh feabhsuithe suntasacha dá leithéid go mbeidh muinín níos mó ag saoránaigh sa Ghníomhaireacht, rud a mhéadódh a cuid dlisteanachta agus éifeachtachta i ndáil lena tascanna tábhachtacha a chur i gcrích.