An tOmbudsman Eorpach
Cáipéisí gaolmhara
Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 3031/2007/(BEH)VL i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh
Is mac léinn Ceanadach é an gearánach, a ghlac páirt i gcúrsa máistreachta san Aerloingseoireacht agus Teicneolaíocht Spáis in München agus Maidrid (EuMAS 2006-2008). Thairg an Coimisiún scoláireacht Erasmus Mundus dar luach EUR 21 000 do mhic léinn tríú tíortha le haghaidh raon cúrsaí máistreachta, lena n-áirítear EuMAS 2006-2008. Shonraigh láithreán gréasáin an Choimisiúin go gclúdódh an scoláireacht "costais taistil agus mhaireachtála agus an teagasc san Eoraip go ceann tréimhse iomlán an chúrsa".
Chuaigh an gearánach i gcomhairle leis an gCoimisiún, ag sonrú, go raibh deacrachtaí airgeadais tromchúiseacha aige féin agus ag a mhic léinn comhalta – grúpa de níos lú ná 30 mac léinn ó lasmuigh den AE. D’áitigh sé, tar éis na táillí teagaisc de EUR 12 000 agus na costais taistil a bheith asbhainte, nárbh leor í an mhéid a bhí fágtha chun costais bhunúsaigh mhaireachtála in München nó Maidrid a chumhdach. D’iarr an gearánach, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún cúnamh airgeadais a bhronnadh air féin, agus ar na mic léinn eile de chuid EuMAS 2006-2008. D’admhaigh an Coimisiún, i bhfianaise na saincheisteanna a tugadh chun solais sa chás reatha, go mbeadh air athbhreithniú a dhéanamh ar a chur chuige amach anseo. Mar sin féin, ní raibh sé toilteanach an cúnamh airgeadais a lorgaíodh a bhronnadh. Chuaigh an gearánach i dteagmháil leis an Ombudsman dá réir.
Tar éis fiosrúcháin chríochnúil, bhain an tOmbudsman de thátal as: (i) de thoradh na faisnéise a sholáthair an Coimisiún maidir leis an gclár Erasmus Mundus, gur tugadh le tuiscint do mhic léinn EuMAS 2006-2008 ó lasmuigh den AE go gcuirfeadh a scoláireacht ar a gcumas leas a bhaint as caighdeán maith saoil ó thaobh caighdeán na hEorpa de; agus (ii) nárbh leor an mhéid a bhí ar fáil chun na críche sin. I dtuairim an Ombudsman, níor sholáthair an fhaisnéis a d’fhoilsigh an Coimisiún faisnéis cheart agus iontaofa do mhic léinn EuMAS 2006-2008. Dá réir sin, bhí cás drochriaracháin glactha de láimh ag an gCoimisiún. Ar dtús, chuir an tOmbudsman moladh ar réiteach cairdiúil faoi bhráid agus ansin dhírigh sé dréachtmholadh ar an gCoimisiún. Maidir leis an dréachtmholadh, mhol sé go ndéanfadh an Coimisiún íocaíocht ex-gratia de EUR 1 500 le gach mac léinn ábhartha as ucht na míchaoithiúlachta a bhain dóibh.
Dhiúltaigh an Coimisiún an dréachtmholadh. Mheas an tOmbudsman nach raibh bunús na n-argóintí do dhiúltú an Choimisiúin diongbháilte. Dhún sé an cás dá bhrí sin le ráiteas criticiúil.