Athchuairt ar an tsaincheist ar thráthúlacht na n-íocaíochtaí ag an gCoimisiún Eorpach

Teangacha ar fáil :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Cás :  OI/1/2009/GG
    Tosaithe an 2009 Feabh 17 - Cinneadh an 2011 Feabh 8
  • Instituid áirithe :  Coimisiún na gComhphobal Eorpach
  • Abhar dlíthiúil :  Ábhair ghinearálta, airgeadais agus institiúide
  • An cineál drochriaracháin – (i) sáruithe, o (ii) sáruithe ar dhualgais maidir le: :  Teorainn ama réasúnta chun cinntí a ghlacadh [Airteagal 17 CEDIR]
  • Abhar :  Comhlíonadh conarthaí
alarm clock
alarm clock
Údar:
Cóipcheart: Stocklib © Udo Kroener

Achoimre ar chinneadh faoi fhiosrúchán féintionscanta OI/1/2009/GG maidir leis an gCoimisiún Eorpach

I bhFeabhra 2009, agus i ndiaidh dhá fhiosrúchán roimhe sin (OI/5/99(IJH)GG agus OI/5/2007/GG), d’oscail an tOmbudsman fiosrúchán féintionscanta breise maidir leis an tsaincheist ar thráthúlacht na n-íocaíochtaí ag na gCoimisiún Eorpach. Go háirithe, d'iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún le haghaidh faisnéise ar a chuid feidhmíochta in 2008.

Tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil, sheol an tOmbudsman comhairliúchán poiblí. Fuarthas naoi rannchuidiú in iomlán ó bhaill den phobal a raibh spéis acu ann.

D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún ansin aghaidh a thabhairt ar na hargóintí a bhí curtha chun cinn sna rannchuidithe sin. D’iarr sé air freisin faisnéis a sholáthar dó maidir lena fheidhmíocht in 2009.

Tar éis na faisnéise a soláthraíodh dó a scrúdú, bhain an tOmbudsman de thátal as go raibh freagraí an Choimisiúin ar na saincheisteanna agus argóintí a cuireadh chun cinn i rith an chomhairliúcháin phoiblí diongbháilte den chuid is mó. Maidir le feidhmíocht an Choimisiúin in 2009, luaigh sé go raibh na bearta a bhí glactha ag an gCoimisiún tar éis a bheith rathúil agus go raibh céim thábhachtach tógtha d’fhonn déileáil le fadhb na n-íocaíochtaí moillithe. Tháinig laghdú suntasach ar líon na n-íocaíochtaí déanacha idir an bhliain 2008, nuair ab ionann iad agus 22.67% de na híocaíochtaí uile, agus 2009, nuair a thit an céatadán seo go 14.42%. Tháinig laghdú faoi níos mó ná leath ar na suimeanna foriomlána airgid ar chuir na moilleanna isteach orthu, i dtéarmaí céatadáin, idir 2008 (13.95%) agus 2009 (6.63%). Ina theannta sin, tháinig laghdú suntasach freisin ar an meánmhoill ó 47.45 go 40.43 lá.

Thug an tOmbudsman faoi deara, áfach, go raibh fadhbanna i gceist go fóill.

I bhfianaise an mhéid thuas, agus go háirithe de bharr feabhsuithe soiléire a bheith bainte amach ag an gCoimisiún in 2009, measann an tOmbudsman nach bhfuil aon fhorais ann i láthair na huaire le haghaidh tuilleadh fiosrúchán ar an tsaincheist i ndáil le tráthúlacht na n-íocaíochtaí ag an gCoimisiún. Measann sé áfach, go bhfuil gá le breithniú leanúnach a dhéanamh ar an tsaincheist seo. D’fhonn cur ar a chumas a leithéid a dhéanamh, ba chóir don Choimisiún figiúirí maidir leis na híocaíochtaí a rinneadh in 2010 a sholáthar dó, a luaithe agus atá siad ar fáil. Ba chóir an fhaisnéis seo a chur ar fáil sa bhfhoirm chéanna inar soláthraíodh í le blianta anuas.