Bileog eolais do ghnóthaí agus d'eagraíochtaí
An tOmbudsman Eorpach: Ag cabhrú leat fadhbanna maidir le riarachán an AE a réiteach
Féadann gnóthaí, comhlachais agus eagraíochtaí a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas Eorpach gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach maidir le drochriarachán in institiúidí agus i gcomhlachtaí an AE.
Cad a fhéadann tú gearán a dhéanamh ina thaobh?
Déanann an tOmbudsman gearáin i dtaobh drochriaracháin, a chiallaíonn riarachán easnamhach nó riarachán teipthe, a fhiosrú. Tarlaíonn sé seo mura ngníomhaíonn institiúid de réir an dlí, mura mbíonn meas aici ar phrionsabail an dea-riaracháin, nó má sháraíonn sí cearta bunúsacha. Is iad seo a leanas samplaí d'fhadhbanna a ndeachaigh an tOmbudsman i ngleic leo
- Íocaíocht dhéanach
- Díospóidí i dtaobh conarthaí
- Fadhbanna maidir le glaonna ar thairiscintí
- Rochtain ar cháipéisí a dhiúltú
- Moill nach gá
- Sárú cearta bunúsacha
Cad nach bhféadann tú gearán a dhéanamh ina thaobh?
Tá sainordú an Ombudsman Eorpaigh teoranta go gearáin a fhiosrú i gcoinne institiúidí agus comhlachtaí an AE amháin. Ní fhéadann an tOmbudsman an méid seo a leanas a fhiosrú:
- gearáin i gcoinne údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil sna Ballstáit, fiú nuair a bhaineann na gearáin le ceisteanna i dtaobh an AE;
- gníomhaíochtaí cúirteanna nó ombudsman náisiúnta;
- gearáin i gcoinne gnóthaí nó daoine aonair príobháideacha
Ach má chuireann tú scéal chuige i dtaobh fadhbanna sna réimsí seo, déanfaidh sé a dhícheall moladh duit cá háit ar cheart duit dul.
Cén fáth ar cheart gearán a dhéanamh?
Is minic a ghlacann gnóthaí agus comhlachais páirt i dtionscadail AE agus i nglaonna ar thairiscintí, agus mar sin bíonn teagmháil dhíreach acu le hinstitiúidí an AE. Má bhíonn fadhbanna agat, féadann tú comhairle an Ombudsman a lorg. Cuireann sé seirbhísí saor in aisce, tapa agus solúbtha ar fáil. Uaireanta is leor glao gutháin ó sheirbhísí an Ombudsman ar an institiúid atá i gceist leis an bhfadhb a réiteach.
Cá háit a bhféadann tú níos mó eolais a fháil?
Má cheapann tú go bhféadfadh an tOmbudsman Eorpach bheith in ann cabhrú leat, tabhair cuairt le do thoil ar a láithreán gréasáin nó déan teagmháil lena Oifig.
An tOmbudsman Eorpach
1, av. du Président Robert Schuman
CS 30403
FR-67001 Strasbourg Cedex
An Fhrainc
Teil. (33) 388 17 23 13
Facs (33) 388 17 90 62
www.ombudsman.europa.eu
Samplaí de chásanna a láimhseáil an tOmbudsman Eorpach
Íocaíocht dhéanach
D'íoc an Coimisiún Eorpach sonraisc arbh fhiú breis is EUR 17 000 iad do chomhlacht beag a chuaigh i gcomhairle leis an Ombudsman tar éis dó seacht meabhrúchán a chur chuig an institiúid. Mhínigh an Coimisiún gurbh iad athruithe teicniúla ar nósanna imeachta buiséid a bhí freagrach as an moill agus dhearbhaigh sé go raibh athbhreithniú déanta ar chúrsaí anois. Tar éis don Ombudsman sonrú go mbíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) ach go háirithe i mbaol na n-éifeachtaí a bhíonn ag moill ar íocaíocht, thoiligh an Coimisiún ús a íoc freisin.
Díospóidí i dtaobh conarthaí
Bhronn an Coimisiún cúiteamh EUR 21 000, ar bhunús ex gratia, ar chomhlacht beag nuair a fuair an tOmbudsman nár thug sé dóthain ama don chomhlacht togra a réiteach i gcreat conartha taighde agus forbartha. Mar thoradh ar seo measadh go raibh an togra neamh-incháilithe sa deireadh mar gheall ar bhotún a bhí ann. Chuir an Coimisiún in iúl go tréan nach raibh sé ag iarraidh dochar a dhéanamh d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus d'admhaigh sé go raibh sé deacair don ghearánaí an conradh a chur i gcrích i gceart mar gheall ar chúinsí eisceachtúla.
Fadhbanna maidir le glaonna ar thairiscintí
Fuair an tOmbudsman nach raibh aon mhíriarachán i gceist i dtaobh chinneadh Pharlaimint na hEorpa diúltú do thairiscint gearánaí tar éis glao ar thairiscintí. Ach shonraigh sé nárbh chosúil gur chloígh téacs an ghlao ar thairiscintí le ráiteas a rinne an Pharlaimint i dtaobh discréide i nósanna imeachta den sórt sin sa chás áirithe seo agus nár chloígh sé le prionsabail an dea-riaracháin i dtaobh cumhachtaí lánroghnacha a chleachtadh.
Rochtain ar cháipéisí a dhiúltú
Cheadaigh an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) rochtain phoiblí páirteach ar thuarascáil iniúchta, i ndiaidh do pháirtí gearán a dhéanamh leis an Ombudsman. Ina theannta sin thoiligh sé rochtain phríobháideach a thabhairt don chomhlacht ábhartha do chodanna den tuarascáil ar chúis imní shonrach don ghrúpa ar bhain an comhlacht leo. Bhain an tuarascáil le tionscadal san Afraic, maoinithe ag an AE, ina raibh an grúpa páirteach. Dhiúltaigh an BEI rochtain ar an tuarascáil i dtús báire.
Moill nach gá
Chinn an Coimisiún ar ghearán i dtaobh sáraithe tar éis don Ombudsman iarraidh air plé leis an gcás. Mhaígh sé go raibh iachall ar an gCoimisiún plé go cóir leis an gcás fiú sa chás go raibh an Coimisiún ag dearbhú nach raibh sé in ann comhthoil polaitiúil a bhaint amach faoi conas dul ar aghaidh. Rinne soláthróir Gearmánach seirbhísí geallghlacadóireachta spóirt gearán leis an gCoimisiún, i ndiaidh d’údaráis na Gearmáine ordú dó éirí as bheith ag tairiscint a chuid seirbhísí, rud a chuir iachall air deireadh a chur lena ghnó. Ba é barúil an ghearánaí gur shárú a leithéid ar a cheart seirbhísí a sholáthar.
Sárú cearta bunúsacha
Cháin an tOmbudsman an Coimisiún toisc nár léirigh sé gur bhain sé cothrom cóir amach idir an gá le bainistiú airgeadais daingean a chuid deontas a leanúint agus cearta an ghearánaí, eagraíocht neamhrialtais i réimse an chomhshaoil, go gcaithfí go cóir leis agus go mbeadh meas cuí ar thoimhdiú neamhchiontachta. Dhiúltaigh an Coimisiún d'iarratas na heagraíochta ar chúnamh airgeadais faoi chlár Comhphobail, toisc go raibh an eagraíocht faoi réir réamh-fhiosrúcháin bhreithiúnaigh.




