Eagarfhocal

Cuireann sé an-áthas orm fáilte a chur romhat chuig mo láithreán gréasáin!  Seans gur thug tú faoi deara go bhfuil cuma nua ar an láithreán gréasáin! Sheol an tOmbudsman amharc-aithne nua ar 27 Meán Fómhair 2010. Chomhthit an seoladh le cothrom cúig bliana déag na hinstitiúide.  Ar an lá céanna sin, chuir an tOmbudsman a straitéis don sainordú 2009-2014 faoi bhráid, rud a leagann amach sraith cuspóirí agus tosaíochtaí atá deartha chun cinntiú go mbaineann saoránaigh an AE tairbhe iomlán as a gcuid ceart, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht riarachán an AE. Tá an straitéis ar fáil sa chuid “Acmhainní” den láithreán gréasáin seo.

Is é is cuspóir leis an láithreán faisnéis atá soiléir, achomair agus éasca le tuiscint a chur ar fáil duit ar cad is féidir leis an Ombudsman Eorpach a dhéanamh ar do shon. Ina theannta sin, is féidir leat fáil amach cad atá bainte amach ag an Ombudsman go dtí seo, agus conas is féidir gearán a dhéanamh.  Nuashonraítear an láithreán ar bhonn rialta le preaseisiúintí, le sonraí d'imeachtaí atá ag teacht aníos, le foilseacháin agus le hachoimrí ar chásanna.

Tá treoir idirghníomhach ar an láithreán gréasáin freisin i 23 teanga oifigiúil an AE. Lá ar bith, faigheann na dosaenacha de shaoránaigh comhairle sa treoir. Tá sé ann chun cabhrú leat an comhlacht is cuí a aithint go tapa, más mian leat gearán a dhéanamh.  Is léir anois go bhfuil an tseirbhís seo an-úsáideach do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d'eagraíochtaí eile ar fud na hEorpa. Faoi 5 Eanáir 2011, dhá bhliain ó seoladh an treoir idirghníomhach, bhain breis agus 45 000 duine úsáid as an seirbhís seo.

Fiú mura bhfuil tú ag iarraidh gearán a dhéanamh, seans go mbeidh suim agat tuilleadh a fháil amach ar obair an Ombudsman maidir le hinsitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE a choimeád cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí.  Sa chuid “Cásanna” ar an láithreán gréasáin, ligtear duit gach cinneadh, dréacht-mholadh agus tuarascáil speisialta an Ombudsman a chuardach, mar aon le hachoimrí ar chásanna.

Tá súil agam go leanfaidh an láithreán a bheith ina acmhainn luachmhar do gach duine a choimeádann súil ar obair an Ombudsman. Bain taitneamh as do chuairt air agus ná bíodh aon drogall ort aon aiseolas nó moltaí a chur chugam.

Le gach dea-ghuí,

P. Nikiforos Diamandouros

Tuarascálacha Bliantúla

2011

Tuarascáil Bhliantúil Tuarascáil Bhliantúil
(PDF 2141KiB)
2012 Feabhra 13
P. Nikiforos Diamandouros
Forléargas 2011 Forléargas 2011
(PDF 1054KiB)
2012 Feabhra 13
P. Nikiforos Diamandouros
Ordaigh an foilseachán seo ó Shiopa Leabhar an AE