Eagarfhocal
Cuireann sé an-áthas orm fáilte a chur romhat chuig mo láithreán gréasáin! Seans gur thug tú faoi deara go bhfuil cuma nua ar an láithreán gréasáin! Sheol an tOmbudsman amharc-aithne nua ar 27 Meán Fómhair 2010. Chomhthit an seoladh le cothrom cúig bliana déag na hinstitiúide. Ar an lá céanna sin, chuir an tOmbudsman a straitéis don sainordú 2009-2014 faoi bhráid, rud a leagann amach sraith cuspóirí agus tosaíochtaí atá deartha chun cinntiú go mbaineann saoránaigh an AE tairbhe iomlán as a gcuid ceart, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht riarachán an AE. Tá an straitéis ar fáil sa chuid “Acmhainní” den láithreán gréasáin seo.
Is é is cuspóir leis an láithreán faisnéis atá soiléir, achomair agus éasca le tuiscint a chur ar fáil duit ar cad is féidir leis an Ombudsman Eorpach a dhéanamh ar do shon. Ina theannta sin, is féidir leat fáil amach cad atá bainte amach ag an Ombudsman go dtí seo, agus conas is féidir gearán a dhéanamh. Nuashonraítear an láithreán ar bhonn rialta le preaseisiúintí, le sonraí d'imeachtaí atá ag teacht aníos, le foilseacháin agus le hachoimrí ar chásanna.
Tá treoir idirghníomhach ar an láithreán gréasáin freisin i 23 teanga oifigiúil an AE. Lá ar bith, faigheann na dosaenacha de shaoránaigh comhairle sa treoir. Tá sé ann chun cabhrú leat an comhlacht is cuí a aithint go tapa, más mian leat gearán a dhéanamh. Is léir anois go bhfuil an tseirbhís seo an-úsáideach do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d'eagraíochtaí eile ar fud na hEorpa. Faoi 5 Eanáir 2011, dhá bhliain ó seoladh an treoir idirghníomhach, bhain breis agus 45 000 duine úsáid as an seirbhís seo.
Fiú mura bhfuil tú ag iarraidh gearán a dhéanamh, seans go mbeidh suim agat tuilleadh a fháil amach ar obair an Ombudsman maidir le hinsitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE a choimeád cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí. Sa chuid “Cásanna” ar an láithreán gréasáin, ligtear duit gach cinneadh, dréacht-mholadh agus tuarascáil speisialta an Ombudsman a chuardach, mar aon le hachoimrí ar chásanna.
Tá súil agam go leanfaidh an láithreán a bheith ina acmhainn luachmhar do gach duine a choimeádann súil ar obair an Ombudsman. Bain taitneamh as do chuairt air agus ná bíodh aon drogall ort aon aiseolas nó moltaí a chur chugam.
Le gach dea-ghuí,





