Dualgais neamhréasúnacha maorlathacha leagtha ag an gCoimisiún ar fhaighteoirí maoinithe an AE

Kättesaadavad keeled :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Juhtum :  1786/2010/PB
    Alguskuupäev: {0} 8.09.2010 - Soovitusettepaneku kuupäev: {0} 9.06.2011 - Otsuse kuupäev: {0} 14.12.2011
  • Asjaomane institutsioon (asjaomased institutsioonid) :  Euroopa Ühenduste Komisjon
  • Õigusvaldkond (õigusvaldkonnad) :  Teadus, informatsioon, haridus ja kultuur
  • Väidetava haldusomavoli liigid – i) rikkumised või ii) ametikohustuste rikkumised seoses järgnevaga :  Proportsionaalsus [art 6 EHHTE],Õiglus [art 11 EHHTE]
  • Teema (teemad) :  Hankelepingute sõlmimine ja toetuste andmine
Berlaymont building, headquarter of the EC
Autor: European Commission
Autoriõigus: European Union

Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 1786/2010/PB i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

Chuir an gearánach, Ollscoil Chóbanhávan, i gcoinne na fírice gur éiligh an Coimisiún Eorpach ar fhaighteoirí maoinithe an AE a chinntiú go ngineann na cistí faighte ús ar mhaithe buiséad an AE. Chun cloí leis an dualgas seo, b’éigean do thairbhithe cuntais bhainc a oscailt, nó cuntais eiseacha a riar/a fheidhmiú chun na críocha sin. I dtuairim an ghearánaigh, leag an Coimisiún dá réir sin dulagas díréireach agus neamhréasúnach maorlathach.

Bhain an cás reatha leis an rud ar a dtugtar ‘réamh-mhaoiniú’, íoctha ag an gCoimisiún sa chreat de chuid 7ú Creatchlár Taighde an AE. Íoctar an cineál seo íocaíochta láithreach le cur ar chumas an tairbhí tosú i mbun oibre ar thionscadal.

D’admhaigh an gearánach gur leis an AE aon ús a eascraítear. Mar sin féin, bhreathnaigh an gearánach nach raibh aon riachtanas dlíthiúil a chinntiú, ar an gcéad dul síos, gur cruthaíodh ús dá leithéid. Lena chois sin d’argóin an Ollscoil le bunú agus bainistiú na gcuntas úd a dtagann ús astu, go leagtar ualach riaracháin díréireach agus neamhréasúnach ar fhaighteoirí an réamh-mhaoinithe úd.

Fuair an tOmbudsman go bhféadfaí na forálacha ábhartha sa Rialachán Airgeadais agus na forálacha forfheidhmithe gaolmhara a léirmhíniú mar thacaíocht do staid an ghearánaigh, go háirithe i bhfianaise phrionsabail ghinearálta na cothroime. Lena chois sin, bhreathnaigh sé nach raibh sé comhsheasmhach le prionsabal na bhainistíochta fónta airgeadais oibleagáidí a fhorchur a chruthaíonn ualaí díréireacha do thairbhithe. Rinne an tOmbudsman dréacht-mholadh dá bharr sin chuig an gCoimisiún.

Ina fhreagra, d’fhógair an Coimisiún rialacha agus cleachtais nua beartaithe chun dréacht-mholadh an Ombudsman a chur chun feidhme. Ghlac an Coimisiún nach mbeadh sé oiriúnach iallach a chur ar thairbhí cuntas a thagann ús as a oscailt sa chás go gcruthódh sé seo ualach díréireach (nó dá gcuirfí cosc ar an tairbhí cuntas dá leithéid a oscailt de réir an dlí náisiúnta). I gcásanna dá leithéid, féadfaidh tairbhithe a dhearbhú anois nach mbeadh oscailt agus/nó feidhmiú chuntais úis i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Déanfaidh sé seo iad a dhíolmhú ón dualgas a chuir an gearánach ina coinne sa chás reatha. Thug an Coimisiún na hathruithe seo chun feidhme le héifeacht láithreach.

Ar bhonn níos ginearálta, léirigh an Coimisiún a chomhaontaithe leis an Ombudsman gur cheart prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm ar bhonn chomhthéacsúil i bhfianaise na mbeartas a dtugtar aghaidh orthu agus a gcomhthéacs siúd. Léirigh sé a intinn aghaidh a thabhairt ar an gcur chuige seo freisin ar leibhéal reachtaíochta.

Léirigh an gearánach sástacht iomlán leis an toradh a bhí le fiosrúchán an Ombudsman.