Defensor del Pueblo Europeo
Documentos relacionados
Achoimre ar an gcinneadh faoi ghearán 2501/2009/(MF)RT i gcoinne Pharlaimint na hEorpa
Is oifigeach de chuid na Parlaiminte é an gearánach. In 2008, saolaíodh cúpla dó. I bhfianaise go ndéantar foráil sna Rialacháin Foirne le haghaidh deich lá saoire speisialta i gcás breith linbh, mheas sé go raibh sé i dteideal 20 lá saoire speisialta toisc gur saolaíodh cúpla dó. Shonraigh sé go ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais amhlaidh i gcásanna dá leithéid. Trí chinneadh a dhéanamh gan ach 12 lá a thabhairt don ghearánach, chúlghair an Pharlaimint a cuid rialacha inmheánacha. Ní raibh an gearánach sásta agus chuaigh sé i gcomhairle an Ombudsman. Líomhain sé gur cinneadh éagórach de chuid na Parlaiminte ba ea é gan ach dhá lá saoire speisialta a thabhairt dó do bhreith a dhara mic, leathchúpla. D’áitigh sé gur cheart don Pharlaimint 20 lá saoire speisialta a thabhairt dó.
Ina cinneadh, mhínigh an Pharlaimint, in achoimre, nach leagann na Rialacháin Foirne síos aon riail ar leith i ndáil le saoire speisialta d’aithreacha i gcás ilbhreitheanna. Dá réir, shín an Pharlaimint an saoire speisialta 'atharthachta' faoi 20%, is é sin, go líon iomlán 12 lá, de réir analaí leis na forálacha a rialaíonn saoire mháithreachais. Lena chois sin, agus mar thacaíocht lena tuairim, d'áitigh an Pharlaimint nárbh ann do chleachtas riaracháin aonadaigh i measc Institiúidí AE i ndáil le líon na laethanta saoire speisialta i gcás ilbhreitheanna.
Mheas an tOmbudsman gurbh éagórach é cinneadh na Parlaiminte diúltú dá cleachtas eiseach, i ndáil le 12 lá saoire speisialta san iomlán a thabhairt d'oifigigh ar aithreacha cúplaí iad, a chur i leataoibh in áit cleachtais nua, ina mbeadh an catagóir seo aithreacha i dteideal deich lá breise de shaoire speisialta. Ghlac sé leis gur éagsúil an cuspóir a bhaineann le saoire mháithreachais i gcomparáid leis sin i ndáil le saoire speisialta na n-aithreacha. Níl an saoire mháithreachais ceaptha ach d’oifigigh baineanna amháin gur saolaíodh, nó go saolófar, leanbh dóibh agus ceadaíonn sí do mháithreacha aire a thabhairt dá leanaí don chéad cheithre mhí dá saol. Tá an saoire speisialta ceaptha chun deis a thabhairt d’oifigeach go saolaítear leanbh dó cúnamh a thabhairt do mháthair a linbh/leanaí nuabheirthe le linn saoire máithreachais na máthar. Ar deireadh, shonraigh sé nach gcuireann easpa cur chuige coiteann bac ar an bParlaimint a cuid rialacha reatha a athrú ag aon uair sa todhchaí.
Ar dtús chuir an tOmbudsman moladh ar réiteach cairdiúil faoi bhráid na Parlaiminte agus, ina dhiaidh sin, chur sé dréachtmholadh faoina bráid.
Dhiúltaigh an Pharlaimint don mholadh ar réiteach cairdiúil agus don dréachtmholadh araon. I bhfianaise na gcúinsí sin, dhún an tOmbudsman an cás le ráiteas criticiúil.