Rochtain ar dhoiciméid i ndáil le nós imeachta sáraithe i leith saincheisteanna comhshaoil

Idiomas disponibles:  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Caso:  2073/2010/AN
    Abierto el 28-oct-2010 - Decisión de 01-dic-2011
  • Institución concernida :  Comisión de las Comunidades Europeas
Plant
Autor:
Derechos de autor: Stocklib © Ilka Erika Szasz-Fabian

Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 2073/2010/AN (rúnda) i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

D’iarr an gearánach rochtain ar dhoiciméid i ndáil le nós imeachta sáraithe i leith saincheisteanna comhshaoil sa Spáinn. Tar éis don Choimisiún diúltú dá chéad iarratas, chuir an gearánach iarratas deimhnithe faoi bhráid. Shín an Coimisiún an spriocdháta dá fhreagra ar a iarratas deimhnithe faoi dhó, agus, an dara babhta, níor sholáthair sé dáta measta don ghearánach maidir lena chinneadh. Tar éis don Ombudsman a fhiosrúchán a oscailt maidir leis an ngearán, bhronn an Coimisiún rochtain, ar deireadh thiar thall, don ghearánach ar chuid de na doiciméid iarrtha, cé gur diúltaíodh rochtain ar chuid eile acu.

Chinn an tOmbudsman go raibh údarás ag an gCoimisiúin rochtain a dhiúltú ar dhoiciméid áirithe de chuid údaráis na Spáinne, i bhfianaise na n-eisceachtaí a d’agair údaráis na Spáinne, a chur an Coimisiún in iúl go cuí don ghearánach. Maidir le láimhseáil an iarratais ar rochtain ar na doiciméid a bhí fágtha, chinn an tOmbudsman go raibh drochriarachán i gceist agus rinne sé ráitis chriticiúla ag léiriú i leith an Choimisiúin (i) gur diúltaíodh go héagórach cuid dá dhoiciméid inmheánacha a nochtadh don ghearánach, (ii) gur teipeadh an fhéidearthacht a mheas i ndáil le rochtain pháirteach a sholáthar don ghearánach ar na doiciméid inmheánacha ar dhiúltaigh sé a nochtadh, (iii) gur teipeadh a mheas go cuí an raibh leas phoiblí sáraitheach i gceist le nochtadh a dhoiciméid inmheánacha, (iv) nár soláthraíodh fírinniú dóthanach maidir lena theip déileáil le hiarratas deimhnithe an ghearánaigh laistigh den teorainn ama a sonraítear i Rialachán 1049/2001, agus (v) gur sáraíodh Airteagal 8(2) de Rialachán 1049/2001 tríd an spriocdháta dá fhreagra ar iarratas deimhnithe an ghearánaigh a shíneadh faoi dhó agus gan dáta measta a sholáthar don ghearánach, tráth an dara freagra coinneála, maidir lena chinneadh.