Sárú ar cheart na cosanta agus ar an bprionsabal de thoimhde na neamhchiontachta

Available languages: bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Case: 0226/2007/MHZ
    Opened on 20 Feb 2007 - Decision on 19 May 2009
  • Institution(s) concerned: European Commission
  • Field(s) of law: Environment, consumers and health protection
  • Types of maladministration alleged – (i) breach of, or (ii) breach of duties relating to: Lawfulness (incorrect application of substantive and/or procedural rules) [Article 4 ECGAB],Absence of abuse of power [Article 7 ECGAB]
  • Subject matter(s): Execution of contracts

Achoimre ar chinneadh maidir le gearán 226/2007/MHZ (faoi rún) i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

Bhí an gearánach, NGO Beilgeach, ina chomhlacht óstála de Lárionad Thomhaltóirí Beilgeacha na hEorpa agus i dteideal deontais Eorpaigh chun tabhairt faoin ngníomh seo. Rinne an Coimisiún iniúchadh maidir leis seo agus thángthas ar roinnt neamhrialtachtaí. Sular cuireadh conclúidí deiridh an iniúchta in iúl don ghearánach, chuir an Coimisiún litir chuig na húdaráis Bheilgeacha ag rá nach bhféadfadh an gearánach, i bhfianaise an iniúchta, leanúint i ról an chomhlachta óstála náisiúnta. Mar sin, d'iarr an Coimisiún ar na húdaráis eagraíocht eile a shainiú. Níor chuir an Coimisiún conclúidí an iniúchóra in iúl don ghearánach ach dhá mhí ina dhiaidh sin. Mar sin, ní raibh an gearánach in ann é féin a chosaint roimh an am sin. Chomh maith leis sin, chuir oifigeach an Choimisiúin tríú duine ar an eolas faoi ábhar na litreach sular seoladh í fiú.

Ba iad na gníomhartha seo thuas de chuid an Choimisiúin mar bhunús an ghearáin leis an Ombudsman. Líomhnaigh an gearánach chomh maith gur mhí-úsáid an Coimisiún a chuid cumhachtaí, gur thug ráiteas neamhleor maidir lena chúiseanna agus nach raibh sé comhsheasmhach le linn an phróisis lenar fionraíodh an deontas. Thairis sin, líomhnaíodh nach raibh an t-iniúchadh follasach ná oibiachtúil.

Ní dheachaigh míniú an Choimisiúin i bhfeidhm ar an Ombudsman maidir leis an litir inar luadh, go substaintiúil, an gá le práinn riaracháin. Chinntigh sé go raibh dhá ásc de dhrochriarachán maidir leis seo. Mheas an tOmbudsman nach bhféadfaí na cuspóirí a bhí ag an gCoimisiún, agus is cuma cé chomh réasúnta agus a bhí siad maidir leis an litir a sheoladh, a bhaint amach tríd an mbonn a bhaint de chearta bunúsacha an ghearánaigh maidir lena chosaint agus le toimhde a neamhchiontachta. Mar sin, rinne sé an dá mholadh seo um réitigh chairdiúla: ar dtús, d'fhéadfadh an Coimisiún airgead cúitimh a íoc, agus ansin, d'fhéadfaí a sheasamh a shoiléiriú maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh an gearánach ina chomhlacht óstála sa todhchaí.

Dhiúltaigh an Coimisiún don chéad mholadh, ag áiteamh (i) gur dheimhnigh OLAF agus na hiniúchóirí, sa deireadh thiar, míbhainistiú airgeadais an ghearánaigh tar éis don Choimisiún an litir a chur amach agus (ii) go raibh a fhios ag an ngearánach go raibh sé faoi imscrúdú ag am a seolta. Níor aontaigh an tOmbudsman leis sin agus d'aibhsigh nach bhféadfadh an t-imscrúdú thuas a bhí ar bun ná na conclúidí a tháinig as, go ndearna an gearánach neamhrialtachtaí, ceart cosanta agus toimhde neamhchiontachta an ghearánaigh a chealú. Thairis sin, bhí an focal scoir ag an gCoimisiún seachas ag na húdaráis Bheilgeacha maidir leis an gcomhlacht óstála a roghnú. Ar an mbonn sin, bhí tionchar suntasach ag litir an Choimisiúin. B'ábhar díomá don Ombudsman nach ndeachaigh an Coimisiún i dteagmháil dhíreach leis an ngearánach chun a chuid cailliúintí siúd a phlé. Dhún sé an ghné seo den chás le focal breithiúnach ag rá gur theip ar an gCoimisiún meas a thabhairt ar cheart cosanta an ghearánaigh agus ar an bprionsabal de thoimhde a neamhchiontachta. Ag an am céanna, ámh, ghlac sé le freagra an Choimisiúin maidir leis an dara mholadh ar réiteach cairdiúil, mar is léir don Ombudsman nach gcuirfidh an Coimisiún cosc ar an ngearánach chun feidhmiú i ról an chomhlachta óstála náisiúnta sa todhchaí. Maidir le líomhaintí eile an ghearánaigh, ní bhfuair an tOmbudsman aon drochriarachán.