Beartas teanga na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach i ndáil lena láithreán gréasáin agus a comhfhreagras le saoránaigh

Available languages: bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Case: 2413/2010/MHZ
    Opened on 15 Dec 2010 - Decision on 13 Dec 2011
  • Institution(s) concerned: Office for Harmonisation in the Internal Market - Trade Marks and Designs
  • Field(s) of law: General, financial and institutional matters
  • Types of maladministration alleged – (i) breach of, or (ii) breach of duties relating to: Lawfulness (incorrect application of substantive and/or procedural rules) [Article 4 ECGAB],Absence of discrimination [Article 5 ECGAB],Reply to letters in the language of the citizen, indicating the competent official [Articles 13 and 14 ECGAB]
  • Subject matter(s): Institutional and policy matters
Books
Author:
Copyright: Stocklib © Oleksiy Mark

Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 2413/2010/MHZ i gcoinne na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach

Líomhain an gearánach, saoránach Polannach, gur thug an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (OHIM) freagra i mBéarla ar litir a scríobh sé i bPolainnis, agus nach raibh láithreán gréasáin an OHIM ar fáil ach i dteangacha feidhme an OHIM (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis agus Iodáilis). Mheas sé go raibh sé sin neamhdhleathach agus chuaigh sé i mbun comhairle an Ombudsmain.

D’oscail an tOmbudsman fiosrúchán agus d’éirigh leis cur ina luí ar an OHIM a beartas teanga a athrú. Níor aontaigh sé le tuairim thosaigh an OHIM gurb é Rialachán Bhunúsaigh OHIM, in éineacht leis an mbreithiúnas in Kik, an bunús dlí maidir lena cleachtas Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis agus Iodáilis amháin a úsáid ina láithreán gréasáin. Lena chois sin, ní fhéadfadh sé a fhágáil ar lár go gcuirfeadh an cleachtas sin daoine dlíthiúla agus nádúrtha ag teacht ó Bhallstáit seachas an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe, an Iodáil agus an Spáinn faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le daoine ó na tíortha sin. Leag sé béim ar an bhfíric, nuair a thugann saoránach cuairt don chéad uair ar láithreán gréasáin an OHIM, go mbeadh sé i bhfad níos éasca a bhrabhsáil dá mbeadh gach leagan teanga ar fáil. D'áitigh sé go n-éilíonn dea-chleachtas riaracháin, chomh fada agus is féidir, go soláthródh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE faisnéis do shaoránaigh ina dteanga féin. Shonraigh sé chomh maith céanna nach argóint bhailí a bhí in áisiúlacht riaracháin do riarachán an AE, atá lánábalta i dtéarmaí acmhainní teicniúla agus daonna, gan a láithreán gréasáin a chur ar fáil i dteangacha uile an AE.

Mar thoradh ar fhiosrúchán an Ombudsmain, chuir an OHIM tús le hathruithe tábhachtacha. Ar an gcéad dul síos, chinn sí glacadh le hiarratais scríofa ó aon saoránach an Aontais, in aon cheann de na teangacha a shonraítear in Airteagal 55(1) CAE, agus freagra a sholáthar sa teanga chéanna. Ar an dara dul síos, ghlac sí le moladh an Ombudsmain ar réiteach cairdiúil. Dá réir sin, chuir sí leathanach baile a láithreáin ghréasáin ar fáil i dteangacha uile an AE agus mhínigh sí a beartas teanga ar an leathanach baile sin. Mhol an tOmbudsman an seasamh inmholta sin.