European Ombudsman
Related documents
(Arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 3 (7) de Reacht an Ombudsman Eorpaigh[1])
Measann an tOmbudsman go n-ardaíonn an cás i gceist saincheist thábhachtach phrionsabail, eadhon an bhfuil an Coimisiún i dteideal moill éiginnte a chur ar a láimhseáil de ghearáin ina líomhnaítear go ndearna Ballstát dlí an Chomhphobail a shárú ar an bhforas nach bhfuil sé in ann teacht ar chomhthoil pholaitíochta faoi conas a leanfar ar aghaidh. Dar leis an Ombudsman, cé go bhfuil lánrogha ag an gCoimisiún sa nós imeachta um shárú, tá sé de dhualgas air déileáil le gearán sáraithe laistigh de thréimhse réasúnta ama. Sa chás i gceist, ní dhearna an Coimisiún i ndáiríre ach a lua (i) go measann sé go bhfuil an gearán "highly politically sensitive and controversial" ["an-íogair ó thaobh na polaitíochta de agus an-chonspóideach"] agus (ii) go gcaithfear tacaíocht a fháil ó Choláiste na gCoimisinéirí sular féidir cinneadh a dhéanamh imeachtaí sáraithe a thionscnamh, agus nach raibh an Coimisiún in ann cinneadh dá leithéid a dhéanamh go dtí seo. I dtuairim an Ombudsman, ní dhéanann gnéithe seo an cháis an Coimisiún a scaoileadh óna dhualgas déileáil i gceart le gearáin den sórt seo. Dá bhrí sin measann an tOmbudsman gur chóir an scéal a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.
Thairgeadh an gearánach seirbhísí gealltóireachta spóirt sa tSacsain Íochtarach (an Ghearmáin). Ina ghearán chuig an Ombudsman, a thaisc a dhlíodóir i mí Eanáir 2005, thuairiscigh an gearánach gur ordaigh údaráis na Gearmáine dó éirí as a bheith ag tairiscint seirbhísí gealltóireachta spóirt, rud a chuir iallach air deireadh a chur lena ghnó. I dtuairim an ghearánaigh, sháraigh iompar údaráis na Gearmáine dlí ginearálta an AE agus an tsaoirse seirbhísí a sholáthar, ach go háirithe.
De réir an ghearánaigh, chuir a dhlíodóir gearán sáraithe in aghaidh na Gearmáine agus in aghaidh údaráis na Gearmáine faoi bhráid Thoscaireacht an Choimisiúin Eorpaigh i mBeirlín ar an 20 Feabhra 2004. Fós féin, de réir an ghearánaigh, nuair a rinne sé fiosrúchán ina dhiaidh sin dúradh leis nár déileáladh leis an ngearán ná nár seoladh chuig an mBruiséil é. Leis sin, sheol dlíodóir an ghearánaigh an gearán díreach chuig an gCoimisiún, áit ar cláraíodh é faoin uimhir thagartha 2004/4463.
I litir a seoladh an 30 Samhain 2004, chuir dlíodóir an ghearánaigh ceist ar an gCoimisiún faoi staid an iniúchta. De réir an ghearánaigh, níor tugadh aon fhreagra ar an litir seo.
Ina ghearán chuig an Ombudsman, ba é a líomhnaigh an gearánach i ndáiríre ná gur theip ar an gCoimisiún déileáil i gceart lena ghearán sáraithe. D'áitigh sé go raibh géarghá le freagairt ón gCoimisiún mar bhí airgead á chailleadh aige toisc nach raibh sé in ann a ghnó a dhéanamh.
Is é seo a leanas achoimre ar na tráchtanna a rinne an Coimisiún ina thuairim:
Tráth ar seoladh an tuairim (Meitheamh 2005), bhí seacht ngearán in aghaidh na Gearmáine maidir le seirbhísí gealltóireachta faighte ag an gCoimisiún (2003/4350, 2003/5288, 2004/4054, 2004/4463, 2004/4899, 2004/4685 agus 2005/4017). Bhain na gearáin seo le srianta náisiúnta ar eagrú seirbhísí gealltóireachta, le cumarsáid tráchtála i ndáil le seirbhísí gealltóireachta agus le bunú seirbhísí.
Cláraíodh an chéad ghearán a tháinig ó sholáthróir seirbhísí gealltóireachta spóirt i mí Aibreáin 2003. Ní dhearna an Coimisiún cinneadh imeachtaí sáraithe a thionscnamh toisc gur measadh go raibh rialú na Cúirte Breithiúnais Eorpaí i gcás bainteach a bhain leis an Iodáil ríthábhachtach do mheasúnú an tsriain seo. Chuir breithiúnas na Cúirte ar an 6 Samhain 2003 i gCás C-243/01 (Gambelli and Others)[2] treoirlínte ar fáil don Choimisiún faoina raibh sé in ann gearáin den sórt seo a mheasúnú.
I bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhréireacht agus ar bhonn cirt roinnt toirmeasc náisiúnta ar sheirbhísí gealltóireachta spóirt. Seoladh litir d'fhógra foirmiúil chuig an Danmhairg an 30 Márta 2004 i gcás a bhain le seirbhísí gealltóireachta spóirt.
Mar sin féin, ag a chruinnithe ar an 13 Deireadh Fómhair agus ar an 14 Nollaig 2004, chinn an Coimisiún cinntí maidir le himeachtaí sáraithe a thionscnamh i gcásanna a bhain le srianta cosúil leis na srianta a luaigh an gearánach ina ghearán sáraithe a chur ar atráth i gcásanna a bhain leis an nGearmáin (2003/4350), an Iodáil (2003/416) agus an Ísiltír (2002/5443). Bhí na gearáin sin ar feitheamh iniúchta bhreise.
Fuarthas gearán sáraithe an ghearánaigh ar an 26 Aibreán 2004. I litir arna dátú an 27 Bealtaine 2004, chuir an Coimisiúin dlíodóir an ghearánaigh ar an eolas gur cláraíodh an gearán.
I bhfacs arna dhátú an 30 Samhain 2004, d'iarr an gearánach cóip de chomhfhreagras an Choimisiúin le húdaráis na Gearmáine. Go dtí sin, ní raibh aon teagmháil déanta ag an gCoimisiúin le húdaráis na Gearmáine i ndáil le seirbhísí gealltóireachta spóirt go ginearálta ná i ndáil le haon chás sonrach.
Bhí an Coimisiún ag déanamh scrúdú gníomhach ar ghnéithe sonracha ghearán sáraithe an ghearánaigh fós. Ar an 30 Bealtaine 2005, sheol an Coimisiún litir chuig dlíodóir an ghearánaigh inar mhínigh sé staid an cháis agus inar iarr sé ar an ngearánach cóip dá chead geallghlacadóra a chur faoina bhráid.
Maidir le héileamh an ghearánaigh gur chóir don Choimisiún gníomhú go tapa, ní mór a thabhairt faoi deara nach raibh sé de chumhacht ag an gCoimisiún cur isteach ar ghníomhartha nó iad a stopadh ná cosc a chur ar aon iniúchadh coiriúil a thionscain Ballstát.
Ina "Communication to the European Parliament and the European Ombudsman on relations with the complainant in respect of infringements of Community law" ["Cumarsáid le Parlaimint na hEorpa agus leis an Ombudsman Eorpach maidir le caidrimh leis an ngearánach i ndáil le sáruithe ar dhlí an Chomhphobail"] (COIM(2002) 141 críochnaitheach, IO 2002 C 244, lch. 5), chuir an Coimisiúin in iúl gur bheartaigh sé, mar riail ghinearálta, iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin d'fhonn cinneadh a dhéanamh, fógra foirmiúil a eisiúint nó an cás a dhúnadh laistigh de thréimhse nach mó ná aon bhliain amháin ó dháta cláraithe an ghearáin. Mar sin féin, cheap an Coimisiún go bhféadfadh sé tarlú nach gcloífí leis an riail sin. Tharlódh sé sin, go háirithe, i gcásanna a gcuirfí faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeadh sé deacair measúnú a dhéanamh ar bhonn cirt agus ar chomhréireacht an bhirt náisiúnta i dtrácht, ar bhonn gnéithe a bhainfeadh le hord poiblí. Sin a bhí i gceist sa chás i dtrácht. I gcoinníollacha den sórt sin, bhí gealltanas tugtha ag an gCoimisiún "go gcuirfeadh sé an gearánach ar an eolas i scríbhinn". Rinneadh é sin sa chás i dtrácht trí mheán na litreach a seoladh an 30 Bealtaine 2005.
Chuir an Coimisiún cóip dá litir ón 30 Bealtaine 2005 ar fáil. Sa litir sin, rinne an Coimisiún tagairt do ghearán sáraithe an ghearánaigh mar ghearán a taisceadh ar an 5 Aibreáin 2004 agus rinne sé tagairt do litreacha breise a tháinig ón ngearánach nó óna dhlíodóir dátaithe an 15 Meitheamh 2004, an 30 Samhain 2004 agus an 18 Aibreáin 2005. Mhaígh an Coimisiún go raibh sé ag déileáil "go dian" le gearán an ghearánaigh agus le gearáin eile a bhain le seirbhísí gealltóireachta spóirt sa Ghearmáin. Maidir le tráthúlacht, luaigh an litir "mar gheall ar na spriocdhátaí speisialta nós imeachta atá ann d'fhiosrúcháin a dhéanann an Coimisiún maidir le sáruithe an Chonartha, ní dóchúil go bhféadtar a bheith ag tnúth le fógairt seasaimh ag an gCoimisiún go luath amach anseo.".
Ina bharúlacha, mhaígh an gearánach go raibh an tuairim ón gCoimisiún mícheart agus neamhiomlán i ndáil le dátaí, toisc go raibh a ghearán curtha faoi bhráid Thoscaireacht an Choimisiúin i mBeirlín ar an 20 Feabhra 2004. De réir an ghearánaigh níor déileáladh leis an ngearán seo ná níor tarchuireadh é. Ní bhfuarthas amach go raibh an gearán fós i mBeirlín go dtí go ndearna dlíodóir an ghearánaigh comhrá gutháin leis an Toscaireacht. I dtuairim an ghearánaigh, cailleadh am luachmhar dá bharr sin. I dteannta sin, chuir an gearánach in iúl nár thuig sé conas a bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint ar aghaidh agus cathain a d'iarrfadh sé tuairim na Gearmáine ar deireadh.
Sholáthair an gearánach cóipeanna de dhá litir a seoladh chuig an gCoimisiún ar an 5 Aibreán 2004 agus ar an 4 Iúil 2005. Ina litir chuig an gCoimisiún ar an 5 Aibreán 2004, luaigh dlíodóir an ghearánaigh gur chuir sé an gearán faoi bhráid Thoscaireacht an Choimisiúin i mBeirlín cheana féin, ar an 20 Feabhra 2004.
Ar an 27 Iúil 2005, sheol an tOmbudsman an dréachtmholadh seo a leanas chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 3(6) dá Reacht:
"Ba chóir don Choimisiún déileáil le gearán sáraithe an ghearánaigh go dúthrachtach agus gan aon mhoill is inseachanta".
Bhí an dréachtmholadh seo bunaithe ar na gnéithe seo a leanas:
1.1 Ina ghearán chuig an Ombudsman, luaigh an gearánach gur sheol a dhlíodóir a ghearán sáraithe chuig Toscaireacht an Choimisiúin i mBeirlín ar an 20 Feabhra 2004. De réir an ghearánaigh, dúradh leis ina dhiaidh sin, mar fhreagra ar fhiosrúchán uaidh, nár déileáladh leis an ngearán ná nár seoladh chuig an mBruiséil é. Leis sin, chuir an gearánach a ghearán díreach faoi bhráid an Choimisiúin le litir arna dátú an 5 Aibreán 2004.
1.2 Sa tuairim ón gCoimisiún, níor déileáladh le haighneas an ghearánaigh, ba é sin, gur cuireadh gearán sáraithe an ghearánaigh isteach roimhe sin ar an 20 Feabhra 2004 ach nár déileáladh leis i dtosach.
1.3 Thug an tOmbudsman faoi deara go ndearnadh tagairt shoiléir do theip líomhanta an Choimisiúin déileáil leis an litir ar mhaígh an gearánach gur sheol sé chuig Toscaireacht an Choimisiúin í sa ghearán a chuir an gearánach faoina bhráid i mí Eanáir 2005. Sna cúinsí seo, níor thuig an tOmbudsman cén fáth nár thug an Coimisiún aghaidh ar an tsaincheist seo sa tuairim uaidh. Mar sin féin, chun an tsaincheist a shoiléiriú bheadh sé riachtanach fiosrúcháin bhreise a dhéanamh. Bheadh fiosrúcháin bhreise dá leithéid ina gcúis le moill bhreise i gcás a bhí práinneach, de réir an ghearánaigh. I bhfianaise a chonclúidí i ndáil le gnéithe eile an cháis (féach ar phointe 2 thíos), mheas an tOmbudsman, mar sin, gurbh é an bealach is fearr le dul ar aghaidh ná an tsaincheist thuasluaite a eisiamh ó raon feidhme an fhiosrúcháin i dtrácht chun cur ar a chumas déileáil le croílár an ábhair ar an gcaoi ba thapa agus ab fhéidir. Bhí ar chumas an ghearánaigh an tsaincheist luaite a chur faoi bhráid an Ombudsman arís i ngearán ar leith, áfach.
2.1 Líomhnaigh an gearánach gur theip ar an gCoimisiún déileáil i gceart lena ghearán sáraithe 2004/4463. Luaigh sé go tréan go ndearna sé fiosrúchán i ndáil le staid an cháis i litir a seoladh an 30 Samhain 2004 gan freagra a fháil.
2.2 Sa tuairim ón gCoimisiún, luaigh sé go raibh seacht ngearán in aghaidh na Gearmáine maidir le seirbhísí gealltóireachta faighte aige tráth ar seoladh an tuairim (mí an Mheithimh 2005) (2003/4350, 2003/5288, 2004/4054, 2004/4463, 2004/4899, 2004/4685 agus 2005/4017). Mhínigh an Coimisiún gur chláraigh sé an chéad ghearán i mí Aibreáin 2003 agus nach raibh cinneadh déanta aige imeachtaí sáraithe a thionscnamh toisc gur measadh go raibh rialú ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach i gcás bainteach a bhain leis an Iodáil ríthábhachtach do mheasúnú an tsriain seo. De réir an Choimisiúin, chuir breithiúnas na Cúirte ar an 6 Samhain 2003 i gCás C-243/01 (Gambelli and Others) treoirlínte ar fáil don Choimisiún lena raibh sé in ann gearáin den sórt seo a mheasúnú.
Chuir an Coimisiún leis sin go ndearna sé bonn cirt agus comhréireacht roinnt toirmeasc náisiúnta ar sheirbhísí gealltóireachta spóirt a mheasúnú i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais agus gur seoladh litir d'fhógra foirmiúil chuig an Danmhairg ar an 30 Márta 2004 i gcás a bhain le seirbhísí gealltóireachta spóirt.
Mar sin féin, ag a chruinnithe ar an 13 Deireadh Fómhair agus ar an 14 Nollaig 2004, chinn an Coimisiún cinntí maidir le himeachtaí sáraithe a thionscnamh i gcásanna a bhain le srianta cosúil leis na srianta a luaigh an gearánach ina ghearán sáraithe a chur ar atráth i gcásanna a bhain leis an nGearmáin (2003/4350), an Iodáil (2003/416) agus an Ísiltír (2002/5443). Bhí iniúchadh breise á dhéanamh ar na gearáin seo.
Mhínigh an Coimisiún gur iarr an gearánach cóip de chomhfhreagras an Choimisiúin le húdaráis na Gearmáine i bhfacs arna dhátú an 30 Samhain 2004. Luaigh an Coimisiún go tréan nach raibh aon teagmháil déanta aige le húdaráis na Gearmáine i ndáil le seirbhísí gealltóireachta spóirt go ginearálta ná i ndáil le haon chás sonrach go dtí sin.
De réir an Choimisiúin bhí sé ag déanamh scrúdú gníomhach ar ghnéithe sonracha ghearán sáraithe an ghearánaigh fós. Ar an 30 Bealtaine 2005, sheol an Coimisiún litir chuig dlíodóir an ghearánaigh inar mhínigh sé staid an cháis agus inar iarr sé ar an ngearánach cóip dá chead geallghlacadóra a chur faoina bhráid.
Luaigh an Coimisiún gur chuir sé in iúl ina "Communication to the European Parliament and the European Ombudsman on relations with the complainant in respect of infringements of Community law" ["Cumarsáid le Parlaimint na hEorpa agus leis an Ombudsman Eorpach maidir le caidrimh leis an ngearánach i ndáil le sáruithe ar dhlí an Chomhphobail"] (COIM(2002) 141 críochnaitheach, IO 2002 C 244, lch. 5), gur bheartaigh sé, mar riail ghinearálta, iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin d'fhonn cinneadh a dhéanamh, fógra foirmiúil a eisiúint nó an cás a dhúnadh laistigh de thréimhse nach mó ná aon bhliain amháin ó dháta cláraithe an ghearáin. De réir an Choimisiúin, áfach, níor chiallaigh é sin nach bhféadfadh an fiosrúchán tréimhse níos faide ná sin a thógáil. Chuir an Coimisiún in iúl go dtarlódh sé sin, ach go háirithe, i gcásanna a chuirfí faoina bhráid ina mbeadh sé deacair measúnú a dhéanamh ar bhonn cirt agus ar chomhréireacht an bhirt náisiúnta i dtrácht, ar bhonn gnéithe a bhainfeadh le hord poiblí. De réir an Choimisiúin, b'amhlaidh an méid a bhí i gceist sa chás i dtrácht. Thug an Coimisiún faoi deara gur thug sé gealltanas "go gcuirfeadh sé an gearánach ar an eolas i scríbhinn" i gcúinsí den sórt sin. De réir an Choimisiúin, rinneadh é sin sa chás i dtrácht trí mheán na litreach a seoladh an 30 Bealtaine 2005.
2.3 Is cleachtas dea-riaracháin é freagraí a thabhairt ar litreacha ó shaoránaigh laistigh de thréimhse réasúnta ama. Sa chás i dtrácht, thug an Coimisiún freagra ar litir an ghearánaigh a seoladh an 30 Samhain 2004 ar an 30 Bealtaine 2005, i.e. sé mhí i ndiaidh a seolta. Thug an tOmbudsman faoi deara nár tugadh aon mhíniú ná nár gabhadh aon leithscéal mar gheall ar an moill shuntasach seo. Mar sin, ba chás drochriaracháin é teip an Choimisiúin freagra a thabhairt ar litir an ghearánaigh a seoladh ar an 30 Samhain 2004 laistigh de thréimhse réasúnta ama.
2.4 Thug an tOmbudsman faoi deara gur thug an Coimisiún gealltanas ina "Chumarsáid" ón mbliain 2002 go ndéanfadh sé iniúchadh ar ghearáin d'fhonn cinneadh a dhéanamh, fógra foirmiúil a eisiúint nó an cás a dhúnadh laistigh de thréimhse nach mó ná aon bhliain amháin ó dháta cláraithe an ghearáin. Ba léir ó na focail a úsáideadh sa Chumarsáid ("mar riail") nár eisiaigh sin an fhéidearthacht go bhféadfadh fiosrúchán breis agus aon bhliain amháin a thógáil i gcás go mbeadh cúiseanna bailí leis sin, go háirithe i gcás ina n-ardódh gearán saincheisteanna deacra nó casta. Mar a luaigh an Coimisiún agus an ceart aige, rinne "Cumarsáid" 2002 foráil go gcaithfí an gearánach a chur ar an eolas i scríbhinn i gcásanna den sórt sin.
Chun go mbeadh brí leis an bhfaisnéis a thabharfaí do ghearánach i gcásanna den sórt sin, áfach, mheas an tOmbudsman go gcaithfí, ar a laghad, na cúiseanna go dtógfadh láimhseáil an ghearáin breis agus aon bhliain amháin a thabhairt.
Mar sin féin, ina litir chuig an ngearánach ar an 30 Bealtaine 2005, ní dúirt an Coimisiún ach "mar gheall ar na spriocdhátaí speisialta nós imeachta atá ann d'fhiosrúcháin a dhéanann an Coimisiún maidir le sáruithe an Chonartha, ní dóchúil go bhféadtar a bheith ag tnúth le fógairt seasaimh ag an gCoimisiún go luath amach anseo."
Ó dhearcadh an Ombudsman, ba léir nach raibh an 'míniú' sin leordhóthanach mar ní dhearna sé tagairt d'aon chúinsí ar leith a d'fhéadfadh bonn cirt a chur leis an bhfíric go leanfadh fiosrúchán an Choimisiúin níos faide ná an tréimhse d'aon bhliain amháin ar chóir í a urramú "mar riail" de réir "Chumarsáid" 2002. Mar sin, ba chás drochriaracháin é teip an Choimisiúin cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt lena theip fiosrúchán ar ghearán sáraithe an ghearánaigh a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse aon bhliain i ndiaidh a chláraithe.
2.5 Maidir le láimhseáil an ghearáin sáraithe, ba dhea-chleachtas riaracháin é iniúchadh dúthrachtach, gan aon mhoill is inseachanta, a dhéanamh ar ghearáin den sórt sin. Thug an tOmbudsman faoi deara gur mhaígh an Coimisiún, ina thuairim, go raibh iniúchadh gníomhach á dhéanamh aige ar ghnéithe sonracha de ghearán sáraithe an ghearánaigh fós. Luaigh sé freisin gur chuir an Coimisiún in iúl ina litir ar an 30 Bealtaine 2005 go raibh sé ag déileáil "go dian" le gearán an ghearánaigh agus le gearáin eile maidir le seirbhísí gealltóireachta spóirt sa Ghearmáin.
I dtuairim an Ombudsman, áfach, níor léir go raibh na maímh sin tacaithe ag an bhfaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Ombudsman.
Is fiú a thabhairt faoi deara ar dtús gur luaigh an Coimisiún go tréan gur chuir breithiúnas na Cúirte ar an 6 Samhain 2003 i gCás C-243/01 (Gambelli and Others) treoirlínte ar fáil dó a chuir ar a chumas gearáin den chineál a chuir an gearánach faoina bhráid a mheasúnú. Mar sin féin, rinneadh an breithiúnas sin breis agus 1 ½ bliain sular cuireadh an tuairim isteach. Is fiú a thabhairt faoi deara freisin gur mhaígh an Coimisiún go raibh gearán sáraithe an ghearánaigh mar chás ina mbeadh sé deacair measúnú a dhéanamh ar bhonn cirt agus ar chomhréireacht an bhirt náisiúnta i dtrácht, ar bhonn gnéithe a bhain le hord poiblí. Thug an tOmbudsman faoi deara, áfach, gur aithin an Coimisiún féin, ina thuairim, nach raibh aon teagmháil déanta aige le húdaráis na Gearmáine i ndáil le seirbhísí gealltóireachta spóirt go ginearálta nó i ndáil le haon chás sonrach go dtí sin. Ba dheacair a thuiscint conas a d'fhéadfadh an Coimisiún bonn cirt agus comhréireacht fhorálacha ábhartha dhlí na Gearmáine a mheasúnú gan faisnéis agus mínithe ar na "gnéithe a bhainfeadh le hord poiblí" ar a raibh na forálacha sin bunaithe a iarraidh ó údaráis na Gearmáine, ar a laghad.
2.6 I bhfianaise an mhéid thuas, ba é tuairim an Ombudsman gur theip ar an gCoimisiún déileáil i gceart le gearán sáraithe an ghearánaigh.
I ndiaidh an dréachtmholadh a fháil, agus i gcomhréir le hAirteagal 3 (6) de Reacht an Ombudsman Eorpaigh, sheol an Coimisiún tuairim mhionchruinn ar an 5 Eanáir 2006.
Sa tuairim mhionchruinn uaidh, rinne an Coimisiún na tráchtanna seo a leanas:
Ní raibh aon cheadúnas ag an ngearánach atá riachtanach sa Ghearmáin, ach theastaigh uaidh a sheirbhísí a thairiscint do sholáthraithe seirbhísí ar líne ag feidhmiú faoi cheadúnas i mBallstát eile (ag gníomhú agus ag tairiscint seirbhísí mar idirghabhálaí). Idir mí Aibreáin 2003 agus mí Eanáir 2005, chláraigh an Coimisiún seacht ngearán (an ceann a chuir an gearánach isteach san áireamh) in aghaidh na Gearmáine a bhain le seirbhísí gealltóireachta. Bhain na gearáin seo leis na srianta céanna. Mar sin, chinn an Coimisiún (ar an 16 Márta agus ar an 2 Meán Fómhair 2005) déileáil leis na gearáin seo uile le chéile.
Bhí na gearáin a bhain le seirbhísí gealltóireachta spóirt "an-íogair ó thaobh na polaitíochta de agus an-chonspóideach" (in ainneoin cásdlí a bhí ann sa réimse seo). Ardaíodh gearáin in aghaidh na Gearmáine a bhain le srianta ar sheirbhísí gealltóireachta spóirt i gceithre chruinniú sáraithe inmheánacha (13 Deireadh Fómhair 2004, 14 Nollaig 2004, 16 Márta 2005 agus 5 Iúil 2005). Go dtí sin, ní raibh ar chumas an Choimisiúin an cinneadh riachtanach a dhéanamh.
D'aithin an Coimisiún gur theip air freagra a thabhairt ar litir an ghearánaigh ón 30 Samhain 2004 agus b'oth leis é sin. D'aithin sé freisin nach raibh an 'míniú' a chuir sé ar fáil ina litir ar an 30 Bealtaine 2005 leordhóthanach. D'fhéadfadh an Coimisiún tagairt a dhéanamh don fhíric go raibh iniúchadh á dhéanamh aige ar roinnt gearán in aghaidh na Gearmáine agus gur ardaíodh na gearáin sin ag trí chruinniú sáraithe inmheánacha (13 Deireadh Fómhair 2004, 14 Nollaig 2004 agus 16 Márta 2005). B'oth leis nach raibh sé in ann cinneadh a dhéanamh ar an tsaincheist seo a bhí íogair ó thaobh na polaitíochta de laistigh de bhliain amháin ó chlárú an ghearáin. Mar sin féin, ba é tuairim an Choimisiúin nach gcuirfí feabhas ar luas próiseála an ghearáin trí shonraí breise i ndáil le díospóireachtaí inmheánacha a nochtadh.
Mar sin féin, sheol an Coimisiún litir bhreise chuig an ngearánach ina raibh faisnéis bhreise maidir le staid an cháis. Sa litir sin arna dátú an 10 Deireadh Fómhair 2005, chuir Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um an Margadh Inmheánach agus um Sheirbhísí Inmheánacha ("DG Markt") an gearánach ar an eolas go ndearna sé cinneadh déileáil le roinnt gearán a bhain leis na saincheisteanna ábhartha le chéile agus mhínigh sé go raibh gá le tacaíocht ó Choláiste na gCoimisinéirí chun imeachtaí sáraithe a thionscnamh in aghaidh na Gearmáine. Luaigh DG Markt freisin nach raibh ar chumas an Choimisiúin cinneadh den sórt sin a dhéanamh go dtí sin agus go raibh measúnú breise le déanamh ar na gearáin fós.
Ní bhfuarthas barúil ar bith ón ngearánach.
Measann an tOmbudsman nach ionann an tuairim mhionchruinn ón gCoimisiún agus glacadh a dhréachtmholta. Cé go n-aithníonn an Coimisiún gur theip air freagra a thabhairt ar litir an ghearánaigh arna dátú an 30 Samhain 2004 laistigh de thréimhse réasúnta ama agus míniú bailí a thabhairt ar an gcúis go mairfeadh iniúchadh an cháis breis agus aon bhliain amháin, níor léirigh an Coimisiún go ndéileálfar leis an ngearán sáraithe go dúthrachtach agus gan aon mhoill is inseachanta, de réir mar a mholann an tOmbudsman.
Ina ionad sin, rinne an Coimisiún tagairt don fhíric go measann sé go mbíonn gearáin a bhaineann le seirbhísí gealltóireachta spóirt an-íogair ó thaobh na polaitíochta de chomh maith le bheith an-chonspóideach. Mhínigh an Coimisiún freisin gur ardaíodh an tsaincheist ag ceithre chruinniú sáraithe inmheánacha (13 Deireadh Fómhair 2004, 14 Nollaig 2004, 16 Márta 2005 agus 5 Iúil 2005) ach nach raibh sé indéanta cinneadh a dhéanamh fós. I litir chuig an ngearánach arna dátú an 10 Deireadh Fómhair 2005, a ndearnadh tagairt di sa tuairim mhionchruinn, mhínigh DG Markt freisin go raibh tacaíocht Choláiste na gCoimisinéirí ag teastáil chun imeachtaí sáraithe a thionscnamh in aghaidh na Gearmáine agus nach raibh ar chumas an Choimisiúin cinneadh den sórt sin a dhéanamh go dtí sin.
Cuireann an tOmbudsman fáilte roimh oscailteacht an Choimisiúin maidir lena admháil go bhfuil an mhoill ar dhéileáil le gearán sáraithe an ghearánaigh mar thoradh ar éagumas an Choimisiúin cinneadh a dhéanamh faoi conas a dhéileálfar leis an gcás seo (agus le roinnt cásanna bainteacha eile) ar chúiseanna polaitiúla. Measann sé, áfach, nach ionann an fhíric seo agus cúis bhailí leis an teip chun déileáil leis an ngearán sáraithe seo laistigh de thréimhse réasúnta ama.
Tuigeann an tOmbudsman go bhfuil lánrogha ag an gCoimisiún i ndáil leis an nós imeachta um shárú. Ní mór a lua, áfach, go mbaineann an cás i dtrácht le céim riaracháin an nós imeachta sin. Measann an tOmbudsman gur dea-chleachtas riaracháin é don Choimisiún déileáil le gearáin sáraithe laistigh de thréimhse réasúnta ama agus mar sin, nach bhfuil i dteideal an Choimisiúin moill éiginnte a chur ar a chinneadh ar ghearán sáraithe ar leith. Sa chás i dtrácht is cosúil gur mheas an Coimisiún an tsaincheist ag ceithre chruinniú sáraithe inmheánacha (13 Deireadh Fómhair 2004, 14 Nollaig 2004, 16 Márta 2005 agus 5 Iúil 2005) ach nár tháinig sé ar chinneadh faoi conas a leanfar ar aghaidh. Lena chois sin, sa tuairim mhionchruinn a d'aighnigh sé ar an 5 Eanáir 2006, níor thug an Coimisiún aon leid faoi cathain a d'fhéadfaí a bheith ag tnúth le cinneadh.
I bhfianaise an mhéid thuas, déanann an tOmbudsman a dhréachtmholadh a athrá mar mholadh don Choimisiún mar seo a leanas:
Ba chóir don Choimisiún déileáil le gearán sáraithe an ghearánaigh go dúthrachtach agus gan aon mhoill is inseachanta.
D’fhéadfadh Parlaimint na hEorpa machnamh a dhéanamh ar an moladh a ghlacadh mar rún.
Strasbourg,
P. Nikiforos DIAMANDOUROS
[1] Cinneadh 94/262 ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 ar na Rialacháin agus na Coinníollacha Ginearálta d'Fheidhmiú Fheidhmeanna an Ombudsman, IO 1994 L 113, lch. 15.
[2] Cás C-243/01 Gambelli and Others [2003] ECR I-13031.