Tuairisc Speisialta ón Ombudsman Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa i ndiaidh a Dhréacht-Mholadh chuig an gCoimisiún Eorpach i nGearán 185/2005/ELB

Available languages: bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Case: 0185/2005/ELB
    Opened on 16 Feb 2005 - Draft recommendation on 31 Mar 2008 - Special report on 04 Dec 2008 - Decision on 04 Dec 2008
  • Institution(s) concerned: European Commission
  • Field(s) of law: General, financial and institutional matters
  • Types of maladministration alleged – (i) breach of, or (ii) breach of duties relating to: Absence of discrimination [Article 5 ECGAB]
  • Subject matter(s): Competition and selection procedures (including trainees)

(Arna dhéanamh de réir Airteagal 3(7) de Reacht an Ombudsman Eorpaigh[1])

Réamhrá

1. Measann an tOmbudsman go mbaineann ceist thábhachtach prionsabail leis an gcás reatha. Measann an tOmbudsman go sáraíonn an Coimisiún prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn aoise, trí thoirmeasc iomlán a fhorchur ar shaor-ateangairí comhdhála cúnta atá os cionn 65 bliain d'aois a fhostú. Is ionann é seo agus cás drochriaracháin, a bhaineann an oiread sin tábhachta leis gur gá tuarascáil speisialta ina leith a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

Cúlra an ghearáin

2. D’oibrigh an gearánach do na hinstitiúidí Eorpacha le haghaidh breis agus 35 bliain mar shaor-ateangaire comhdhála cúnta ('ACI'), ag aistriú go Fraincis ón Ollainnis, ón mBéarla, ón nGearmáinis, ón Iodáilis agus ón Spáinnis. Fostaítear saor-ateangairí do chomhdhálacha agus do chruinnithe sonracha. Is iondúil gur tréimhse ghearr fostaíochta a bhíonn i gceist; ní bhíonn tréimhse níos faide ná cúpla lá i gceist riamh.

3. Ar 13 Iúil 1999, bhunaigh Biúró Pharlaimint na hEorpa rialacha maidir le fostú ACIanna ('Rialacha 1999'). Ar 28 Iúil 1999, shínigh an Coimisiún agus an Pharlaimint coinbhinsiún maidir le coinníollacha oibre agus téarmaí airgeadais ACIanna ('Coinbhinsiún 1999'). Ina dhiaidh sin, d’fhoráil Rialachán Uimh. 628/2000[2] ón gComhairle d’earcú ACIanna mar "gníomhairí cúnta".

4. Sa chomhthéacs seo, chinn an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa ACIanna níos sine ná 65 bliain d’aois a fhostú. Bhunaigh siad na cinntí a rinne siad ar Airteagal 74 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach ('na CEOS').[3] Ina dhiaidh sin, thionscain ACIanna[4] áirithe imeachtaí dlí os comhair na Cúirte Céadchéime i gcoinne an Choimisiúin agus na Parlaiminte (Cásanna Uamtha T-153/01 agus T-323/01,[5] Cás T-275/01[6] agus Cás T-276/01[7]).

5. I gcásanna uamtha T-153/01 agus T-323/01, luaigh an Chúirt Chéadchéime, inter alia:

"(...) is í an ghné is suntasaí a bhaineann le conarthaí fostaíochta d’ateangairí comhdhála (...) go sínítear iad do laethanta sonracha, sa tslí gurb ionann dáta thús an chonartha agus dáta fhoirceannadh an chonartha agus eilimintí riachtanacha mar a bhaineann le hearcú na ngníomhairí cúnta sonraithe.

(...) ó tharla go mbraitheann foirceannadh an chonartha ar an eolas, sa chonradh, maidir leis na laethanta sonracha oibre, níl sé riachtanach go mbeadh foirceannadh na fostaíochta bunaithe ar úsáid a bhaint as Airteagal 74(1)(b) de na CEOS (...)

Bhí Airteagal 74 de na CEOS ar cheann de fhorálacha Theideal III de na CEOS ónar imigh an Pharlaimint tráth ar glacadh le Rialacha 1999.

Dá bharr sin, ní raibh ceart ag an gCoimisiún glacadh leis go mbaineann Airteagal 74(1)(b) de na CEOS leis an iarrthóir (...)

(...) ní bhaineann ábharthacht ar bith le haois an ateangaire maidir le cur i gcrích na dtascanna i gceist. Is léir, dá réir sin, nach coinníoll riachtanach é teorainn aoise i gconradh ateangaire a chiallaíonn gur gá Airteagal 74 de na CEOS a chur i bhfeidhm."[8] (Leagadh béim air seo)

6. Ar 27 Lúnasa 2004, chuir an Coimisiún achomharc faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais (Cás C-373/2004 P[9]) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Céadchéime i ndáil le Cásanna Uamtha T-153/01 agus T-323/01.

Ábhar an fhiosrúcháin

7. Dúirt an gearánach gur dhiúltaigh an Coimisiún, fiú amháin i ndiaidh rialú na Cúirte Céadchéime, é a fhostú mar ACI. Sa chomhthéacs seo, líomhain sé gur theip ar an gCoimisiún Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha[10] agus Airteagal 5(3) den Chód Eorpach Dea-Iompair Riaracháin a chomhlíonadh,[11] agus cuireann an dá cháipéis sin, inter alia, cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise.

8. D’éiligh an gearánach gur cheart don Choimisiún deireadh a chur leis an idirdhealú a raibh air déileáil leis ó bhí 65 bliain d’aois slánaithe aige. Lena chois sin, d’éiligh sé cúiteamh EUR 14 619 ón gCoimisiún (EUR 10 932 bunaithe ar chaillteanas ioncaim agus EUR 3 687 bunaithe ar ranníocaíochtaí a bhí ag dul don "Caisse de prévoyance des interprètes de conférence") agus mheas sé suim EUR 20 000 a bheith ag dul dó bunaithe ar an damáiste morálta a d'fhulaing sé.

9. Ina theannta sin, líomhain an gearánach gur theip ar an gCoimisiún Airteagal 19 den Chód Eorpach Dea-Iompair Riaracháin a chomhlíonadh (maidir le féidearthachtaí achomhairc). Ó tharla nach mbaineann ceist phrionsabail leis an ngné seo den ghearán, déileálfaidh an tOmbudsman leis an gceist seo nuair a bheidh an cinneadh á dhéanamh maidir le fiosrúchán an ghearáin seo, a seolfar chuig an ngearánach.

An Fiosrúchán

10. Rinne an gearánach an gearán ar 16 Eanáir 2005. Ar 8 Meitheamh 2005, sholáthair an Coimisiún a chinneadh, a seoladh ar aghaidh chuig an ngearánach le meas. Ar 13 Iúil 2005, sholáthair an gearánach a thuairimí maidir leis an gcinneadh.

11. Ar 13 Nollaig 2005, d’iarr an tOmbudsman breis eolais ón gCoimisiún. Ar 20 Márta 2006, thug an Coimisiún freagra ar a iarratas siúd. Ar 2 Aibreán 2006 agus ar 19 Bealtaine 2006, chuir an gearánach a chuid tuairimí féin in iúl.

12. Ar 1 Nollaig 2006, scríobh an tOmbudsman chuig Uachtarán an Choimisiúin ag lorg réiteach cairdiúil ar an ngearán. Sheol an Coimisiún freagra ar aghaidh ar 16 Márta 2007 agus chuir an gearánach a chuid tuairimí féin ar fáil ar 25 Bealtaine 2007.

13. Ar 31 Márta 2008, dhéileáil an tOmbudsman le dréacht-mholadh a seoladh chuig an gCoimisiún. Ar 26 Meitheamh 2008, sheol an Coimisiún a thuairim mhionsonraithe maidir leis an dréacht-mholadh seo. Chuir an gearánach a chuid tuairimí féin maidir le dearcadh an Choimisiúin in iúl ar 31 Iúil 2008.


Anailís agus conclúidí an Ombudsman

A. Líomhain maidir le beartas ginearálta idirdhealaithe i gcoinne ACIanna os cionn 65 bliain d’aois agus éileamh gaolmhar

Argóintí curtha i láthair an Ombudsman

14. Luaigh an Coimisiún, roimh theacht i bhfeidhm Choinbhinsiún 1999 maidir le coinníollacha oibre agus téarmaí airgeadais ACIanna, nach raibh aon teorainn aoise sonraithe le haghaidh ACIanna. In ainneoin seo, bhí beartas ag an Ard-Stiúrthóireacht Ateangaireachta (AS Ateangaireachta) a chiallaigh nach raibh ach ACIanna os cionn 65 bliain d’aois á bhfostú nuair a bhí éileamh sonrach ann chuige sin. Bhí a leithéid i gceist do na "misin taistil", nó d’fhonn gealltanais ateangaireachta do theangacha áirithe a chomhlíonadh. Is é atá mar aidhm leis an mbeartas seo ná soláthar oibre a chinntiú d’ateangairí óga, nua-cháilithe, agus ar an tslí sin a chinntiú go bhfuil iontrálaithe nua ar fáil don ghairm seo.

15. Luaigh an Coimisiún, gur chiallaigh teacht i bhfeidhm Choinbhinsiún 1999, go raibh ACIanna san áireamh sna CEOS. Dá réir sin, measadh go raibh siad faoi réir na teorann aoise reachtúla mar atá leagtha amach in Airteagal 74 de na CEOS.[12] Ina dhiaidh sin, cuireadh deireadh de réir a chéile le ACIanna os cionn 65 bliain d’aois a earcú. Ina theannta sin, cuireadh deireadh leis an rochtain a bhí acu ar an gcóras earcaíochta ar líne ar a dtugtar "Web Calendar".

16. Ceistíodh an tuiscint gur thit ACIanna faoi scóip na CEOS i gCásanna Uamtha T-153/01 agus T-323/01 Alvarez Moreno v An Coimisiún. Mheas an Chúirt Chéadchéime nár bhain an teorainn aoise a bhí leagtha amach sna CEOS leis na ACIanna. Dá bharr sin, d’fhonn rialú na Cúirte Céadchéime a chomhlíonadh, cheadaigh an AS Ateangaireachta do ACIanna os cionn 65 bliain d’aois rochtain a bheith acu ar an gcóras earcaíochta (bunaithe ar iarratas aonair). D’éirigh le ACIanna a bhí 65 bliain d’aois i ndiaidh an bhreithiúnais rochtain a choinneáil ar an Web Calendar. Bhí an beartas earcaíochta, a cuireadh i bhfeidhm i ndiaidh rialú na Cúirte Céadchéime, cosúil leis an mbeartas earcaíochta a bhí i bhfeidhm roimh 1999. Luaigh an Coimisiún go leanfadh sé leis an mbeartas seo a chomhlíonadh, ar feitheamh bhreithiúnas an achomhairc a bhí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, a lorgaíonn rialú na Cúirte Céadchéime a chur ar ceal.

17. Mar thoradh ar an méid sin, mhol an Coimisiún gur cheart ACIanna a earcú bunaithe ar "riachtanais na Seirbhíse", ag cur na teangacha atá ar chumas na n-ateangairí san áireamh, mar aon le háit chónaithe agus cumas. Ba ann do bheartas an AS Ateangaireachta, mar a mhínigh an Coimisiún, d'fhonn a chinntiú, oiread agus is féidir, go mbeadh deiseanna earcaíochta ar fáil d'ateangairí óga. Tugadh faoi deara gur díol suntais ba ea na forbairtí déimeagrafacha sa ghairm, bhí obair ar bun d'fhonn a chinntiú go raibh dóthain saor-ateangairí ar fáil mar fhoinse earcaíochta go fadtréimhseach. Mar shampla, mhínigh an Coimisiún gurb é an meán-aois, i gcás na dtrí mhór-theangacha (Béarla, Fraincis agus Gearmáinis) thart ar 50 bliain. Mhínigh an Coimisiún go bhféadfaí argóintí eile a úsáid le tacú leis an mbeartas seo. Ina measc sin bhí:

(a) tacaíocht airgeadais fhadtréimhseach agus éagsúil na hinstitiúide d'ateangairí óga a oiliúint;

(b) an riachtanas go mbeadh deis ag comhghleacaithe óga dóthain taithí a fháil agus cleachtadh a dhéanamh ionas gur féidir leo iarratas a dhéanamh ar chomórtais oscailte amach anseo agus deis réasúnta maith a bheith acu dul chun cinn a dhéanamh, agus ar an tslí sin, an phirimid aoise a fheabhsú;[13] agus

(c) seans níos fearr go mbeadh ateangairí óga in ann cur leis na teangacha atá ar a gcumas agus teangacha nua a fhoghlaim, teangacha a bheadh ag teastáil ón tSeirbhís.

18. De réir iarratais ar eolas an Ombudsman, sholáthair an Coimisiún sonraí staitistiúla ag léiriú an líon laethanta conartha do ACIanna os cionn 65 bliain d'aois i ndearbhthéarmaí, agus mar chéatadán de líon iomlán laethanta conartha ACIanna le haghaidh gach bliain idir 1987-2006.

Réamh-mheastacháin an Ombudsman d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil

19. Thug an tOmbudsman faoi deara gur luaigh an Chúirt Bhreithiúnais gurb ionann prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, sonraithe in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, agus prionsabal ginearálta de dhlí an Chomhphobail.[14] De bhun an phrionsabail seo, nuair a earcaíonn an Coimisiún ACIanna, ní fhéadfaidh sé caitheamh go difriúil le hiarrthóirí ar fhorais aoise, ach amháin gur féidir a leithéid a mhíniú go cuí, is é sin ar mhaithe le freastal go dlisteanach agus go cuí ar leas an Chomhphobail.

20. I gcomhthéacs fhiosrúchán an Ombudsman ar an ngearán reatha, d’admhaigh an Coimisiún, nuair a bhíonn conarthaí ACI á dtairiscint, go léiríonn sé mífhabhar agus, dá réir sin, go gcaitheann sé go difriúil le hateangairí a bhfuil 65 bliain d’aois slánaithe acu. Is ionann caitheamh go difriúil ar fhorais aoise agus idirdhealú ar fhorais aoise, ach amháin sa chás gur féidir an méid sin a mhíniú go cuí. Dá bhrí sin, fiafraíodh den Choimisiún an bhféadfaí an chóir dhifriúil seo a mhíniú go cuí.

21. Thug an tOmbudsman faoi deara, sa fhreagra a cuireadh faoi bhráid an Ombudsman, gur leag an Coimisiún béim ar an bpointe gur ábhar imní iad na forbairtí déimeagrafacha a bhí le tabhairt faoi deara sa ghairm seo. Dá réir sin, chomhaontaigh an Coimisiún go raibh glacadh aige leis an gcóir dhifriúil seo bunaithe ar an tábhacht a bhain le hateangairí óga a earcú agus oiliúint a chur orthu, agus é mar aidhm chun grúpaí feiliúnacha agus cáilithe saor-ateangairí a chothú, a bheadh ann mar fhoinse ateangairí sna blianta amach romhainn. Chuir an chóir dhifriúil feabhas ar phirimid aoise na n-oifigeach-ateangaireachta. Lena chois sin, bhí deis ag ateangairí óga dóthain taithí a fháil agus cleachtadh a dhéanamh ionas go bhféadfaí iarratas a dhéanamh ar chomórtais oscailte amach anseo agus deis réasúnta maith a bheith acu dul chun cinn a dhéanamh.

Sa chomhthéacs seo, ghlac an tOmbudsman leis an leas toghairthe ag an gCoimisiún, is é sin, cruthú agus oiliúint ateangairí cumasacha óga, mar leas dlisteanach de chuid an Chomhphobail. San am céanna, thug an tOmbudsman le fios nár sholáthar an Coimisiún dóthain sonraí agus fianaise chun bunús a thabhairt don argóint.[15] Ina theannta sin, theip ar an gCoimisiún an chothromaíocht cheart a aimsiú idir leasa na n-ateangairí os cionn 65 bliain d’aois agus an leas thuasluaite. Dúirt sé go bhféadfaí an cuspóir beartais a bhaineann le cruthú agus le hoiliúint glúin nua ateangairí inniúla a chomhlíonadh ar shlite nach mbaineann an oiread céanna dua leo i gcás na n-ateangairí sin atá 65 bliain d’aois nó níos sine. Mar shampla, slí amháin a sonraíodh ná laghdú cothromaithe a dhéanamh ar an líon laethanta conartha tugtha do na hiarrthóirí eile "nach iarrthóirí óga iad", beag beann ar an bhfuil siad 65 bliain d'aois nó nach bhfuil, d'fhonn deiseanna a chruthú chun taithí oibre a thabhairt d’ateangairí "óga".

22. I bhfianaise a bhfuil thuasluaite, mheas an tOmbudsman gur theip ar an gCoimisiún bunús a thabhairt leis an gcaoi ar chaith sé le hateangairí os cionn 65 bliain d’aois, cosúil leis an ngearánach. D’fhéadfaí breathnú air seo mar chás drochriaracháin. Chuige sin, d’fhorbair an tOmbudsman togra maidir le teacht ar réiteach cairdiúil faoin ngné seo den chás, mar seo a leanas:

Luaigh an tOmbudsman go bhféadfadh an Coimisiún:

  1. deireadh a chur leis an mbeartas idirdhealaithe i gcoinne ateangairí 65 bliain d’aois agus níos sine; agus
  2. cúiteamh réasúnach airgeadais a thairiscint don ghearánach mar gheall ar an idirdhealú a rinneadh ina choinne.

Na hargóintí a cuireadh i láthair an Ombudsman i ndiaidh dó togra an réitigh chairdiúil a chur i láthair

23. Mar fhreagra ar thogra an réitigh chairdiúil, mhínigh an Coimisiún nár mhór forbairt nua a chur san áireamh freisin. Tarraingíodh aird ar an bpointe go raibh breithiúnas na Cúirte Céadchéime i gCásanna Uamtha T-153/01 agus T-323/01 Alvarez Moreno v An Ciomisiún curtha ar neamhní ag an gCúirt Bhreithiúnais.[16] D'argóin an Coimisiún go raibh an chéad léamh a rinne sé ar na rialacha, a chiallaigh nár thairg sé aon obair d'aon ACIanna os cionn 65 bliain d’aois, ceart, agus go leanfadh an léamh sin a bheith ceart go dtí go mbeadh cinneadh bunaithe ar an léamh sin curtha ar neamhní ag breithiúnas de chuid chúirt an Chomhphobail. Dá bharr sin, shonraigh an Coimisiún nach bhféadfadh sé glacadh le togra an réitigh chairdiúil mar a chuir an tOmbudsman i láthair.

24. Lena chois sin, thug an Coimisiún le fios gur dhearbhaigh an Chúirt Chéadchéime an méid seo a leanas:

"ní raibh dualgas ar an gCoimisiún [an t-iarrthóir] a earcú arís. Tá cead ag institiúid gan conradh nua mar ghníomhaire cúnta a thairiscint d’ateangaire a d’earcaigh sé roimhe seo beag beann ar aois nó ar na cúiseanna atá lena leithéid seo."[17]

25. Ina theannta sin, tharraing an Coimisiún aird ar an mbeartas a bhí dírithe ar a chinntiú go raibh gairm na hateangaireachta á athnuachan. Thacaigh an beartas sin le hateangairí óga a oiliúint agus chinntigh sé go mbeadh deiseanna fostaíochta ar fáil do na hateangairí seo.

26. Le linn don ghearánach a thuairimí maidir le freagra an Choimisiúin a chur in iúl, dúirt sé cúpla lá i ndiaidh diúltú do thogra an Ombudsman gur eisigh an Coimisiún nóta eolais, dar dáta 29 Márta 2007, maidir le hearcú saor-ateangairí os cionn 65 bliain d’aois. Bhí an ráiteas seo a leanas luaite sa nóta freisin:

"Dá bharr seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cloígh leis an seasamh a bhí aige ó thús, is é sin gan ACIanna os cionn 65 bliain d’aois a earcú a thuilleadh."

Measúnú an Ombudsman a bhí mar bhonn le dréacht-mholadh

27. Bhí cinneadh an Choimisiúin chun diúltú do thogra an réitigh chairdiúil bunaithe ar bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gCás C-373/04 P. Thug an tOmbudsman faoi deara gur chuir an Chúirt Bhreithiúnais rialú na Cúirte Céadchéime ar neamhní ar na forais gur cheart go mbeadh sé sonraithe ag an gCúirt Chéadchéime go raibh an t-iarratas neamh-inghlactha. Ní dhearna an Chúirt Bhreithiúnais rialú ar bith ar shubstaint an cháis agus, dá réir sin, níor léirigh sé dearcadh ar bith faoin léirmhíniú dlí a bhí sonraithe i rialú na Cúirte Céadchéime.

28. Chloígh an Chúirt Chéadchéime nár bhain Airteagal 74 de na CEOS le ACIanna, ó tharla nach raibh na rialacha a bhain le ACIanna sonraithe sna Rialacha sonracha ar ghlac Biúró Pharlaimint na hEorpa leo ar an 13 Iúil 1999 agus i gCoinbhinsiún a síníodh ar 28 Iúil 1999 (féach ar alt 3 den Tuairisc Speisialta seo). Cé go raibh an ceart ag an gCoimisiún a rá nach raibh sé faoi cheangal dlí a thuilleadh mar gheall ar rialú na Cúirte Céadchéime, is é dearcadh an Ombudsman ná nár mhínigh an Coimisiún an tslí nár cheart dó, bunaithe ar na fíricí ábhartha agus na forálacha dlí infheidhme, gur roghnaigh sé teacht ar chonclúid a bhí díreach cosúil le conclúid na Cúirte Céadchéime maidir le substaint na gcásanna.

29. Maidir leis na fíorais iomchuí, d’aithin an tOmbudsman, le cois a bheith ag brath ar rialú na Cúirte Breithiúnais, gur mhínigh an Coimisiún arís sa fhreagra ar thug sé ar thogra réitigh chairdiúil an Ombudsman, go raibh a bheartas deartha lena chinntiú go mbeadh sé indéanta an líon ateangairí a bhí ann a "athnuachan". Ina theannta sin, sonraíodh i ndáil le hearcú ACIanna, go gcuirtear seirbhísí ar fáil agus go bhfuil an fhéidearthacht ann freagairt d'ualach oibre athraitheach. Chuige seo, d’aithin an tOmbudsman go raibh neart discréide ag an gCoimisiún i ndáil le hearcú foirne. Go háirithe, ní fhéadfaí a éileamh air leanúint le conradh a thabhairt do ACIanna áirithe mar go raibh conradh tugtha dóibh roimhe sin. Ní fhéadfaí discréid an Choimisiúin a úsáid, áfach, ar shlí a sháródh prionsabal an neamh-idirdhealaithe; prionsabal a éilíonn nár cheart caitheamh le cásanna difriúla sa tslí chéanna, ach amháin más féidir a leithéid a chosaint.

30. De réir na Cúirte Breithiúnais, is ionann prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, sonraithe in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, agus prionsabal ginearálta de dhlí an Chomhphobail.[18] De bhun an phrionsabail seo, nuair a earcaíonn an Coimisiún ACIanna, ní fhéadfaidh sé caitheamh leo go difriúil ar bhonn aoise, ach amháin más féidir a leithéid a chosaint.[19] Luaigh an tOmbudsman, i ndáil le haois scoir éigeantaigh a bheith mar bhonn le foirceannadh uathoibríoch conradh fostaíochta, go bhfuil an méid seo a leanas sonraithe ag an gCúirt Bhreithiúnais freisin:

"is cinnte gurb ionann (...) moladh um earcú [daoine óga] agus aidhm dhlistineach de bheartas sóisialta (...) Dá bhrí sin, níor mhór gur ionann cuspóir [cosúil leis sin] (...) i bprionsabal, agus difríocht córa ar fhorais aoise (...). Tá cinneadh le déanamh fós an ionann (...) na modhanna a úsáideadh chun a leithéid a chur i gcrích agus modhanna atá feiliúnach agus riachtanach".[20]

31. Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh an leas toghairthe ag an gCoimisiún sa dearcadh a cuireadh faoi bhráid an Ombudsman, is é sin, an gá atá le deiseanna earcaíochta a chruthú d'ateangairí nua agus oiliúint a chur orthu ina "aidhm dhlisteanach". Ní raibh an tOmbudsman lánchinnte, áfach, go raibh na modhanna a d’úsáid an Coimisiún, eadhon, toirmeasc iomlán ar earcú ACIanna os cionn 65 bliain d’aois, "feiliúnach agus riachtanach" d’fhonn na haidhme dlisteanaí sin a chur i gcrích. D’fhonn modh "feiliúnach agus riachtanach" chun an aidhm sin a chur i gcrích a chomhlíonadh, bheadh ar an gCoimisiún, a léiriú, le sonraí agus fianaise ar leith, go mbeadh sé riachtanach obair aistriúcháin faoi leith a chur ar leataobh d'ateangairí nua. Ba cheart go mbeadh gaol idir sonraí agus fianaise den chineál sin agus líon na n-uaireanta atá riachtanach ionas go n-éireoidh le "scéim d’ateangairí nua". Lena chois sin, bheadh dualgas ar an gCoimisiún a léiriú nach bhféadfaí an aidhm chéanna a chomhlíonadh trí mhodhanna nach mbainfeadh na srianta céanna leo, cosúil le srianta a mbeadh tionchar acu ar ateangairí oilte de gach aois, seachas ar ateangairí oilte atá 65 bliain d'aois nó níos sine.

32. Mar thoradh air seo, dúirt an tOmbudsman gur theip ar an gCoimisiún an bac a bhí ar ateangairí os cionn 65 bliain d'aois a earcú a chosaint. Ba ionann é seo agus cás drochriaracháin. Mar gheall air seo, rinne an tOmbudsman dréacht-mholadh.

33. Sa dréacht-mholadh, luaigh an tOmbudsman má bhíonn cás drochriaracháin mar thoradh ar fhiosrúchán, go bhféadfadh sé a bheith oiriúnach don institiúid i gceist cúiteamh airgeadais a thairiscint do ghearánach ar bhain gortú dó/di mar thoradh ar an drochriarachán sin.

34. D’éiligh an gearánach cúiteamh ar fiú EUR 34 619 é. Thug an tOmbudsman faoi deara, áfach, nach bhféadfaí a thoimhdiú go mbeadh an méid céanna oibre tairgthe don ghearánach agus a bhí roimhe sin. Mheas an tOmbudsman go mbeadh caillteanas beacht an ghearánaigh ag brath ar roinnt fachtóirí, a d'fhéadfaí a áireamh, inter alia: an nasc idir phróifíl shonrach teanga an ghearánaigh agus shainriachtanais na seirbhíse i rith na tréimhse cuí; an méid oibre ateangaireachta tugtha ar conradh do ACIanna leis an bpróifíl teanga chéanna leis an ngearánach i rith na tréimhse cuí; an líon iarrthóirí ar obair a bhí ag teacht le próifíl teanga an ghearánaigh i rith na tréimhse cuí; agus caighdeán iarrthóirí den chineál sin. Chomh maith leis sin, thug an tOmbudsman faoi deara go raibh neart discréide ag an gCoimisiún i ndáil le hearcú foirne. Go háirithe, ní fhéadfaí a éileamh air leanúint le conradh a thabhairt do ACIanna áirithe mar go raibh conradh tugtha dóibh roimhe sin. Ní fhéadfadh discréid an Choimisiúin prionsabal an neamh-idirdhealaithe a shárú, áfach. Ó tharla gur theip ar an gCoimisiún bonn a chur leis an gcás idirdhealaithe sonraithe i gcoinne ateangairí os cionn 65 bliain d’aois, mheas an tOmbudsman go bhféadfadh an Coimisiún teagmháil a dhéanamh leis an ngearánach ar mhaithe le haontú ar chúiteamh oiriúnach do na caillteanais tabhaithe ag an ngearánach mar gheall ar chur i bhfeidhm bheartas idirdhealaithe an Choimisiúin.

Na hargóintí a cuireadh i láthair an Ombudsman i ndiaidh dó a dréacht-mholadh a chur i láthair

35. D’easaontaigh an Coimisiún le dearcadh an Ombudsman gur sháraigh sé prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhrí nár earcaíodh ACIanna os cionn 65 bliain d'aois. Mheas an Coimisiún gur cheart na CEOS a chur i bhfeidhm i gcás ACIanna freisin. Sonraíodh, de réir Airteagal 119 de na CEOS,[21] go scoirfear le fostú comhaltaí foirne ar conradh nuair a shroicheann an gníomhaire 65 bliain d’aois. In imthosca den chineál seo, agus ar mhaithe leis an dlí, ní fhéadfadh an Coimisiún a bheartas earcaíochta a athrú agus ní fhéadfadh sé cúiteamh a thairiscint don ghearánach.

Measúnú an Ombudsman i ndiaidh dó a dhréacht-mholadh a chur i láthair

36. De réir Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, beidh toirmeasc ar aon idirdhealú, bunaithe ar aon fhoras, cosúil le hidirdhealú bunaithe ar aois. Ina theannta sin, de réir Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa, is ionann prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, sonraithe in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, agus prionsabal ginearálta de dhlí an Chomhphobail.[22] De réir phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, ní fhéadfaidh an Coimisiún caitheamh go difriúil le saoránaigh ar fhorais aoise, ach amháin más féidir a leithéid a mhíniú go cuí agus go bhfuil na modhanna inúsáidte chuige feiliúnach agus riachtanach.[23] Maidir le haois scoir éigeantaigh a bheith mar bhonn le foirceannadh uathoibríoch conradh fostaíochta, tá an méid seo a leanas sonraithe ag Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa:

"is cinnte gurb ionann (...) moladh um earcú [daoine óga] agus aidhm dhlistineach de bheartas sóisialta (...) Dá bhrí sin, níor mhór gur ionann cuspóir [cosúil leis sin] (...) i bprionsabal, agus difríocht córa ar fhorais aoise (...). Tá cinneadh le déanamh fós an ionann (...) na modhanna a úsáideadh chun a leithéid a chur i gcrích agus modhanna atá feiliúnach agus riachtanach".[24]

37. Seasann an Coimisiún leis an bpointe go mbaineann an teorainn aoise atá sonraithe sna CEOS le ACIanna. Chomh maith leis sin, mar a míníodh sa dréacht-mholadh, rinne an Coimisiún iarracht an difríocht córa a tugadh do ACIanna 65 bliain d’aois agus níos sine a mhíniú, trí thagairt a dhéanamh don riachtanas a bhain le deiseanna earcaíochta a chruthú d’ateangairí nua agus oiliúint a chur orthu. Cé nár chuir an tOmbudsman an fhéidearthacht go mb'fhéidir gur "aidhm dhlisteanach" a bhí ina leithéid d’aidhm, bhí sé in amhras go bhféadfadh na modhanna a úsáideadh chun an aidhm sin a chur i gcrích, eadhon, toirmeasc iomlán ar earcú ACIanna 65 bliain d’aois agus níos sine, a bheith feiliúnach agus riachtanach.

38. Ní aontaíonn an tOmbudsman leis an argóint a rinne an Coimisiún, is é sin, ar mhaithe le cúiseanna dlí, nach raibh rogha ar bith acu ach stop a chur le ACIanna os cionn 65 bliain d’aois a earcú. Measann sé nach n-earcaíonn an Coimisiún ACIanna os cionn 65 bliain d’aois mar go roghnaíonn sé é sin a dhéanamh.

39. Ba mhaith leis an Ombudsman béim a leagan ar an bpointe nach bhfuil rialú na Cúirte Breithiúnais á cheistiú aige. Chuige seo, leagann sé an-béim ar an bpointe gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Céadchéime[25] i ndáil le ceist nós imeachta, agus ní ar shubstaint chás Alvarez Moreno v An Coimisiún. Dá réir sin, tá cinntí an Ombudsman sa chás reatha ar comhréir le rialú na Cúirte Céadchéime agus na Cúirte Breithiúnais.

40. Ina theannta sin, ba mhaith leis an Ombudsman béim a leagan ar an bpointe nach gceistíonn sé na rialacha a bhfuil glactha ag an reachtóir leo (cosúil le Rialacháin Foirne agus CEOS). Níl sé d'údarás ag an Ombudsman ceart reachtóra beartas earcaíochta a bhunú nach n-áiríonn aois a cheistiú. Chuige sin, áiríonn an tOmbudsman nach bhfuil rialacha a éilíonn ar oifigigh (Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne) agus gníomhairí eile (Airteagail 47, 74 agus 119 de na CEOS) dul ar scor ag 65 bliain d’aois (nó 67 bliain d’aois i gcásanna eisceachtúla d’oifigigh) le fáil sna Rialacháin Foirne agus sna CEOS. Tarraingíonn an tOmbudsman aird ar an bpointe nach ndéanann Airteagal 74 beagchúram de na CEOS. Ina ionad sin, tá sé bunaithe ar an dearcadh, a bhí ag an gCúirt Chéadchéime nuair a rialaigh sé ar shubstaint chás Alvarez Moreno v An Coimisiún, is é sin nach mbaineann Airteagal 74 de na CEOS le ACIanna.

41. Glacann an tOmbudsman leis nach bhfuil dualgas dlíthiúil ar an gCoimisiún leanúint le rialú atá curtha ar neamhní ag an gCúirt Chéadchéime i ndiaidh rialú atá curtha ar neamhní. É sin ráite, sonraíonn an tOmbudsman nach gciallaíonn rialú a chur ar neamhní ar phointe nós imeachta go bhfuil an léamh atá déanta ag an gCoimisiún ar shubstaint an cháis bailí. Tugann sé faoi deara nach bhfuil argóint ar bith déanta ag an gCoimisiún, i gcomhthéacs an fhiosrúcháin reatha, a dhéileálann le réasúnú na Cúirte Céadchéime i ndáil le substaint an cháis.

42. Deir an tOmbudsman gur cúis aiféala é, ainneoin go ndearna sé gach iarracht cabhrú leis an gCoimisiún cás drochriaracháin a sheachaint – cás a cruthaíodh bunaithe ar an mbeartas reatha, nár fhreagair sé dá iarrachtaí go dearfach.

43. Measann an tOmbudsman go mbaineann dóthain tábhachta leis an gcás drochriaracháin seo gur cheart tuairisc speisialta a chur faoi bhráid na Parlaiminte ina leith.

44. Ar deireadh, thug an tOmbudsman faoi deara, i ndáil le fiosrúchán comhchosúil a rinne sé ar chleachtais Pharlaimint na hEorpa maidir le ACIanna os cionn 65 bliain d'aois a earcú, gur chuir sé dréacht-mholadh réasúnta comhchosúil faoi bhráid na Parlaiminte, agus dá dheasca sin gur ghlac an Pharlaimint lena sheasamh agus gur athraigh an Pharlaimint a cleachtais maidir le hearcú ACIanna os cionn 65 bliain d'aois. Le linn teacht ar an gcinneadh seo, léigh an Pharlaimint na rialacha infheidhme, agus leagadh béim ar an bpointe, na rialacha céanna a chreideann an Coimisiún nach gcuireann dualgasair ACIanna os cionn 65 bliain d'aois a earcú, ar shlí nach gciallaíonn go bhfuil bac curtha ar ACIanna os cionn 65 bliain d'aois a earcú. Trí seo a dhéanamh, chuir an Pharlaimint deireadh leis an bpoitéinseal go dtarlódh cás drochriaracháin cosúil leis an gcás aitheanta ag an Ombudsman.

B. Moladh an Ombudsman

Bunaithe ar na fiosrúcháin a rinne an tOmbudsman ar an ngearán seo, athluaitear an dréacht-mholadh a rinne sé anseo thíos mar mholadh don Choimisiún.

Ba cheart don Choimisiún a bheartas reatha maidir le bac a chur ar earcú ACIanna os cionn 65 bliain d'aois a athrú agus ba cheart cúiteamh a thabhairt don ghearánach don chaillteanas a thabhaigh sé mar gheall ar an iarratas, ina chás féin, an beartas sin.

D’fhéadfadh Parlaimint na hEorpa smaoineamh ar ghlacadh le réiteach dá réir sin.

P. Nikiforos DIAMANDOUROS

Arna dhéanamh i Strasbourg ar 4 Nollaig 2008


[1] Cinneadh Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta a rialaíonn chomhlíonadh dhualgais an Ombudsman (94/262/ECSC, CE, Euratom), IO 1994 L 113, lch. 15.

[2] Rialachán Uimh. 628/2000 ón gComhairle an 20 Márta 2000, ag leasú Rialachán Uimh. 259/68 a shonraíonn Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus ChoinníollachaFostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, IO 2000 L76, lch. 1. Seo a shonraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo:

"(...) (2) Ba cheart ateangairí comhdhála, dá bhrí sin, a earcú mar chomhaltaí foirne cúnta faoi réir Theideal III de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach (...)

Cuirfear an mhír seo a leanas le hAirteagal 78 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach:

Bhí na coinníollacha earcaíochta agus luach saothair i bhfeidhm d'ateangairí comhdhála fostaithe ag Parlaimint na hEorpa i bhfeidhm i ndáil le fostaithe cúnta fostaithe ag an gCoimisiún mar ateangairí comhdhála thar ceann institiúidí agus chomhlachtaí an Chomhphobail."

[3] Foráladh an méid seo a leanas in Airteagal 74 de na CEOS (an leagan is infheidhme ag an tráth sin: "Seachas scor de dheasca báis, scoirfear le fostú comhaltaí foirne cúnta: 1. sa chás gur conradh ar feadh tréimhse cinnte atá ann: (...) (b) ag deireadh na míosa ina sroicheann an té i gceist 65 bliain d’aois (...)"

[4] Ní raibh an gearánach páirteach sna himeachtaí cúirte seo.

[5] Cásanna Uamtha T-153/01 agus T-323/01 Alvarez Moreno v An Coimisiún[2004] ECR-SC I-A-161 agus II-719.

[6] Cás T-275/01 Alvarez Moreno v An Pharlaimint [2004] ECR-SC I-A-171 agus II-765.

[7] Cás T-276/01 Garroni v An Pharlaimint [2004] ECR-SC I-A-177 agus II-795.

[8] Is i bhFraincis amháin atá an cás seo foilsithe. Is ó sheirbhísí an Ombudsman a tháinig na haistriúcháin Bhéarla atá in úsáid anseo. Sonraítear an méid seo a leanas i bhFraincis i Míreanna 84-89 de Chásanna Uamtha T-153/01 agus T-323/01:

"84. Or, les contrats d'engagement des interprètes de conférence conclus en application du troisième alinéa, comme du premier alinéa, de l'article 78 du RAA se caractérisent par le fait qu'ils sont conclus pour certains jours spécifiques, de sorte que tant la date du début que celle de la fin de l'engagement constituent des éléments indispensables du recrutement des agents auxiliaires en question.

85. En effet, d'une part, étant donné que le terme du contrat d'engagement est toujours fixé par l'indication dans celui-ci, des jours spécifiques des prestations, aucun recours à l'article 74, paragraphe 1, sous b), du RAA n'est nécessaire pour déterminer la fin de l'engagement. D'autre part, dans le contexte de ce type de contrat, la prescription de cet article constitue une des "conditions de recrutement" visées à l'article 78 du RAA, dès lors que la durée précise de l'engagement est fixée, conformément à l'article 56 du RAA, en tant que condition d'engagement. En d'autres termes, s'agissant d'un contrat limité à des jours spécifiques, la fin de l'engagement constitue une condition caractéristique et indispensable du recrutement de l'interprète, inhérente à celui-ci.

86. Il s'ensuit que l'article 74 du RAA constitue une des dispositions du titre III du RAA auxquelles le Parlement a dérogé lorsqu'il a adopté la réglementation de 1999.

87. Par conséquent, c'est à tort que la Commission a considéré que l'article 74, paragraphe 1, sous b), du RAA était applicable à la requérante et qu'il ne s'agissait pas d'une condition de recrutement au sens de l'article 78 du RAA (...)

89. Il est vrai que l'article 8 de la réglementation de 1999 renvoie aux dispositions du RAA et aux règles applicables à l'ensemble du personnel pour toute question non prévue par ladite réglementation ou par la convention de 1999. Toutefois, étant donné que la raison d'être de la réglementation de 1999 est de permettre au Parlement d'engager les interprètes auxiliaires de session pour des jours spécifiques, la "fin de l'engagement" au sens de l'article 74 ne constitue par une question non prévue par la réglementation de 1999. En outre, au vu du caractère occasionnel de tels engagements et du fait que les institutions n'ont pas l'obligation d'engager un interprète particulier à un moment donné pour une période minimale, l'âge de l'interprète ne saurait constituer un élément pertinent pour ce qui est de l'exécution des services en question. Il s'ensuit que la stipulation d'une limite d'âge ne constitue pas une clause indispensable dans un contrat d'engagement d'un interprète et rend nécessaire le recours à l'article 74 du RAA."

[9] Cás C-373/04 P An Coimisiún v Alvarez Moreno [2006] ECR I-1.

[10] Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha: "Beidh cosc ar aon idirdhealú bunaithe ar aon fhoras cosúil le gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh."

[11] Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 5(3) den Chód Eorpach Dea-Iompair Riaracháin: "Seachnóidh an t-oifigeach aon idirdhealú nach bhfuil údar leis idir bhaill den phobal bunaithe ar náisiúntacht, gnéas, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, nó gnéaschlaonadh."

[12] Féach ar fhonóta 3.

[13] Chun na críche seo chruthaigh an AS Ateangaireachta scéim d'ateangairí nua, scéim a raibh sé mar aidhm léi a chinntiú go mbeadh ACIanna óga earcaithe ar feadh líon áirithe laethanta i ndiaidh a chéile.

[14] Féach Cás C-144/04 Mangold [2005] ECR I-9981, mír 75.

[15] D’fhéadfaí eolas sonrach maidir leis an líon laethanta oibre a bhí ar fáil "d’ateangairí óga" a chur san áireamh freisin.

[16] Cás C-373/04 P An Coimisiún v Alvarez Moreno [2006] ECR I-1.

[17] Cásanna Uamtha T-153/01 agus T-323/01 Alvarez Moreno v An Coimisiún [2004] ECR-SC I-A-161 agus II-719. Luaitear an méid seo a leanas i bhFraincis i Mír 105: "la Commission n'avait, en tout été de cause, pas l'obligation de faire appel à nouveau à ses services. Il demeure en effet toujours loisible à l'administration de ne pas conclure de nouveau contrat d'agent auxiliaire avec un interprète auquel elle avait précédemment fait appel, et cela quels que soient l'âge de ce dernier et les motifs qui la conduisent à cette décision."

[18] Féach ar fhonóta 14.

[19] Cás C-344/04 Aeriompar Idirnáisiúnta agus eile [2006] ECR I-403, mír 95.

[20] Cás C-411/05 Palacios de la Villa [2007] ECR I-8531, mír 64-67.

[21] Leagan infheidhme ó 1 Bealtaine 2004.

[22] Féach ar fhonóta 14.

[23] Féach ar fhonóta 20.

[24] Féach ar fhonóta 20.

[25] Féach ar phointe 27 thuas.