Europäischer Bürgerbeauftragter
Ähnliche Dokumente
Achoimre ar chinneadh faoi fhiosrúchán ar a thionscnamh féin OI/5/2005/PB maidir leis an Oifig Eorpach um Roghnú Pearsanra (EPSO)
In 2005, d'oscail an tOmbudsman Eorpach a dhara fhiosrúchán ar a thionscnamh féin ar ábhar na follasachta in earcaíocht AE.
Rinneadh an chéad fhiosrúchán den chineál sin ó 1997-1999 agus bhí roinnt feabhsuithe coincréiteacha mar thoradh air. Sa chomhthéacs sin, d'aithin an Coimisiún gurb iad na nósanna imeachta earcaíochta an chéad agus an t-aon teagmháil dhíreach a bhíonn ag cuid mhaith iarratasóirí le riarachán an AE agus nár mhór, mar sin, go mbeadh an teagmháil sin dearfach. D'ardaigh an Pharlaimint ábhar imní leis sin, ag aibhsiú "go gcaithfidh prionsabal na follasachta bheith i bhfeidhm le linn an nóis imeachta earcaíochta".
Nuair a chuaigh EPSO i mbun a cuid oibre in 2003, áfach, bhí an tOmbudsman fós ag fáil gearán faoi dhá ábhar ghaolmhara. Ar dtús, coimeádtar na critéir bhreithmheasa, a chumtar ag na boird roghnúcháin chun iarratasóirí a roghnú, faoi rún. Ansin, ní raibh an modh, a úsáideadh sna scrúduithe chun teacht ar mharc deiridh na n-iarratasóirí, soiléir. Arís, ba é ba chúis leis sin ná rúndacht, toisc nach dtugtaí na marcanna maidir le codanna aonair na scrúduithe le fios.
Bhí an tOmbudsman den dearcadh go raibh an chuma air go raibh na gnáthaimh thuas neamhréireach le tiomantas reatha an Aontais Eorpaigh um fhollasacht agus um dhea-riarachán. Mar sin, d'oscail sé an fiosrúchán seo ar a thionscnamh féin agus rinne sé an dréachtmholadh seo a leanas i mí Iúil 2008:
"Ní mór do EPSO na hiarratasóirí a chur ar an eolas, ar a n-iarraidh siúd, faoi na critéir bhreithmheasa, más ann dóibh, a glacadh ag na boird roghnúcháin maidir le scrúduithe scríofa nó cainte agus, thairis sin, go dtabharfaí do na hiarratasóirí, ar a n-iarraidh siúd, briseadh síos mionsonraithe de mharcanna, más ann dóibh, a tugadh dóibh as a bhfeidhmiú."
Chuir EPSO an tOmbudsman ar an eolas faoi bhearta nua a glacadh mar fhreagra ar a dhréachtmholadh. Aibhsíodh go gceaptar go bhfuil follasacht in earcaíocht AE an-tábhachtach ar fad, agus cuireadh in iúl, i gcomhthéacs den athleasú mór ar nós imeachta earcaíochta an AE ('Clár Forbraíochta EPSO'), gur ghlac Bord Bainistíochta EPSO méid áirithe de bhearta ábhartha a moladh maidir leis an gceist seo.
Tharraing an tOmbudsman an chonclúid go raibh na bearta a glacadh ag EPSO oiriúnach don chur i bhfeidhm dá dhréachtmholadh. Ag fáiltiú roimh fhreagra EPSO, thug sé faoi deara go gcuirfeadh na bearta molta go suntasach le feabhsú mhuinín na n-iarratasóirí is an phobail as gairmiúlacht agus oibiachtúlacht nósanna imeachta earcaíochta an AE.
Tá an príomh-chomhfhreagras idir an tOmbudsman agus EPSO, agus iad ag druidim le cinneadh an Ombudsman, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman:
http://www.ombudsman.europa.eu/initiatives/en/default.htm