Europäischer Bürgerbeauftragter
Ähnliche Dokumente
Achoimre ar an gcinneadh faoi ghearán 53/2010/OV i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh
Ghnóthaigh an gearánach, Vluchtelingenwerk Vlaanderen, ENR Phléimeannach a sholáthraíonn cúnamh do dhídeanaithe, deontas ón gCoimisiún Eorpach tionscadal a chur i gcrích i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. I Meán Fómhair 2004, sheol an gearánach r-phost agus litir chuig an gCoimisiún, inar iarr sé faomhadh an Choimisiúin do mhodh simplithe malartach chun costais an tionscadail a thuairisciú, lena n-áirítear iad sin tabhaithe ag na fiontraithe áitiúla rannpháirteach sa tionscadal. Thug duine teagmhála an Choimisiúin an freagra seo a leanas trí mheán r-phoist: "Leis seo, ..., tugaim duit ár gcomhaontú ..." [Hereby, ..., I give you our agreement ...]. Tar éis iniúchta ex-post, chinn an Coimisiún mar sin féin suim EUR 150 000 a aisghabháil ón ngearánach, ag áiteamh nár tuairiscíodh na costais ábhartha de réir fhorálacha an Chomhaontaithe Deontais. In ainneoin sin, de réir an ghearánaigh, tuairiscíodh na costais sin ar bhonn an mhodha mhalartaigh um thuairisciú costas ar fhaomh an Coimisiún. Ghearán an gearánach dá réir leis an Ombudsman Eorpach, ag líomhain gur sháraigh an Coimisiún prionsabal na n-ionchas dlisteanach mar gur theip meas a léiriú i ndáil leis an modheolaíocht um thuairisciú costas ar comhaontaíodh leis.
Ina thuairim, d’áitigh an Coimisiún nárbh ionann an r-phost a sheol a dhuine teagmhála dá chuid agus leasú ar an gComhaontú Deontais. Chinn an tOmbudsman mar sin féin gurbh ionann an r-phost ábhartha agus faomhadh den mhodh malartach um thuairisciú costas molta ag an ngearánach agus go raibh ar a laghad bonn agóide ann gur aontaigh an Coimisiún na míreanna ábhartha den Chomhaontú Deontais a tharscaoileadh le go gceadófaí don ghearánach úsáid a bhaint as an gcóras malartach um thuairisciú costas. Mhol sé réiteach cairdiúil dá réir sin ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh, i ndáil leis na costais tabhaithe ag fiontraithe áitiúla an tionscadail, ar cibé ar, agus cé chomh mór a, chloígh an gearánach leis an modh malartach um chaiteachas a dhlisteanú agus, ar an mbonn sin, smaoineamh ar an méid comhfhreagrach a íoc leis an ngearánach. Ghlac an Coimisiún leis an moladh ar réiteach cairdiúil agus shonraigh sé, i gcás na dtionscadal sin inar úsáid an gearánach an modh malartach um thuairisciú costas,, go nglacfadh sé leis go mbeadh na costais chomhfhreagracha incháilithe agus go ndéanfadh sé íocaíocht bhreise.
I mí na Bealtaine 2012, chuir an gearánach an tOmbudsman ar an eolas gur fuair sé íocaíocht de chuid EUR 104 842 ón gCoimisiún agus ghabh sé a bhuíochas leis as ucht a chuid idirghabhála.