An ceart ag Státseirbhíseach AE an liúntas leanbh cleithiúnach dúbailte a fháil dá leanbh faoi mhíchumas suntasach

Tilgængelige sprog :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Sag :  0899/2011/TN
    Indledt den 30-05-2011 - Afgørelse af 13-12-2011
  • Berørte institution(er) :  Kommissionen for De Europæiske Fællesskaber
  • Retsområde(r) :  Generelle, institutionelle og finansielle spørgsmål
  • Former for påståede fejl eller forsømmelser - i) overtrædelser eller ii) manglende overholdelse af forpligtelser i forbindelse med :  Redelighed [Artikel 11 EKGF]
  • Emne(r) :  Forvaltning og personalevedtægt
Child
Forfatter:
Copyrigt: Stocklib © Marzanna Syncerz

Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 899/2011/TN (rúnda) i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

Baineann an gearán le ceart an ghearánaigh liúntas leanbh cleithiúnach dúbailte a fháil dá leanbh atá faoi mhíchumas suntasach.

Tá foráil sna Rialacháin Foirne do státseirbhísigh an AE inar féidir an liúntas leanbh cleithiúnach a bhronntar ar státseirbhísigh a dhúbailt má chruthaítear go bhfuil an leanbh ag fulaingt ó mhíchumas agus dá dheasca go bhfuil caiteachas suntasach á thabhú ag an státseirbhíseach. Tá míchumas tromchúiseach ó bhroinn ar leanbh an ghearánaigh. Rinne an Coimisiún cinneadh an liúntas dúbailte a bhronnadh ar an ngearánach ón dáta a rinne sé iarratas ar an liúntas leanbh cleithiúnach dúbailte, is é sin, nach mór dhá bhliain ó chuaigh sé i mbun a dhualgais. D’áitigh an gearánach, nuair a thosaigh sé ag obair ag an AE, gur sholáthair sé teastas leighis ag deimhniú go raibh a leanbh 100% faoi mhíchumas ó thráth na breithe. Mar sin féin, de dheasca míthuisceana laistigh den riarachán, chuaigh tréimhse fhada thart sular cuireadh ar an eolas é maidir leis an bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar an liúntas dúbailte. Bhí an gearánach den tuairim go raibh an Coimisiún mícheart an liúntas dúbailte a dhiúltú dó ón dáta a chuaigh sé i mbun a dhualgais.

Ina litir chuig an gCoimisiún lena fhiosrúcháin a oscailt, shonraigh an tOmbudsman cé nach féidir an liúntas dúbailte a bhronnadh ach ar iarratas a chur faoi bhráid, ní raibh sé sásta go raibh bunús sna Rialacháin Foirne maidir leis an gceart go mbeadh feidhm le liúntais teaghlaigh ón dáta a dhéantar iarratas. Shonraigh an tOmbudsman freisin go ndearnadh mionathrú ar na rialacha um liúntas leanbh cleithiúnach dúbailte i Nollaig 2007, sa chaoi is dá mbeadh míchumas níos mó nó cothrom le 50% i gceist, go mbronnfaí an liúntas dúbailte láithreach bonn, gan ghá don státseirbhíseach caiteachas trom a chruthú. Ní raibh an tOmbudsman sásta gur cleachtas cothrom nó comhsheasmhach a bhí ann an ceart ar liúntas dúbailte a bhunú ar dháta an iarratais i gcásanna inar féidir dáta cruinn a bhunú, cosúil le dáta breithe, óna raibh an leanbh ag fulaingt ó mhíchumas níos mó ná nó cothrom le 50%.

Ina thuairim chuig an Ombudsman, bhain an Coimisiún de thátal as, ag cur an mionathrú ar na rialacha i Nollaig 2007 san áireamh, gur cheart dó an liúntas leanbh cleithiúnach dúbailte a íoc go haisghníomhach leis an ngearánach, is é sin, ón dáta ar thosaigh an gearánach ag obair mar oifigeach an AE. Chinntigh an Coimisiún don Ombudsman go nglacfadh sé leis na céimeanna riachtanacha chun na liúntais sin a íoc ó Nollaig 2007 ar aghaidh, agus athscrúdú a dhéanamh ar chomhad an ghearánaigh don tréimhse roimh Nollaig 2007.

Ghabh an gearánach a bhuíochas leis an Ombudsman as ucht a chuid iarrachtaí, rud a bhain toradh thar a bheith sásúil amach, dar leis. Dhún an tOmbudsman an cás ag glacadh leis gur réitigh an Coimisiún é.