Evropský veřejný ochránce práv
Související dokumenty
Achoimre ar chinneadh ar fhiosrúchán féintionscnaimh OI/4/2010/ELB i ndáil le Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus an Coimisiún Eorpach.
Bhain an fiosrúchán leis an dóigh a ndéileálann institiúidí an AE le hiarratais, curtha faoi bhráid faoi na Rialacháin Foirne, maidir le hathsholáthar a dhéanamh ar chinntí atá neamhréititheach le cásdlí forbraíochta. D’iarr an tOmbudsman ar an bParlaimint, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún an mbeidís ábalta achtanna riaracháin ar ghlac siad leo roimhe seo (agus a tuigeadh go raibh siad dlíthiúil faoin gcásdlí infheidhme nuair a glacadh leo) a athsholáthar, d’fhonn a gcuid géilliúlachta le cásdlí forbraíochta a chinntiú. D’fhiafraigh sé dóibh freisin cibé an aontaíonn siad go bhfuil oifigeach i dteideal iarratas a chur faoi bhráid ag iarraidh ar institiúidí AE cinneadh a rinneadh níos luaithe a athsholáthar le cinneadh nua, a thugann aird chuí ar chásdlí forbraíochta.
Bhí na hinstitiúidí den tuairim nach raibh dualgas ar bith orthu athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí mar gheall ar an gcásdlí forbraíochta. D’áitigh siad mura ndéantar agóid in aghaidh cinnidh laistigh den teorainn ama dlíthiúil, go mbíonn sé críochnaitheach. Lena chois sin, shonraigh siad go bhfuil na héifeachtaí de chuid rialaithe cúirte teoranta do pháirtithe an cháis. Is i gcúinsí eisceachtúla amháin a chuireann siad rialú cúirte i bhfeidhm ar pháirtithe eile.
D'admhaigh an tOmbudsman go mbíonn cinneadh críochnaitheach sa chás nach ndéantar agóid in aghaidh cinnidh laistigh den teorainn ama dlíthiúil chun athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Lena chois sin, dúirt sé nach bhfuil dualgas dlíthiúil ann déileáil le hiarratas chun cinneadh nua a ghlacadh ach amháin más ann d’fíric shubstaintiúil nua. Mar sin féin, trína lamháil discréide a úsáid, d’fhéadfadh institiúid plé a dhéanamh ar iarratas maidir le cinneadh nua a dhéanamh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an institiúid cinneadh a dhéanamh freisin nár cheart go mbeadh aon éifeacht aisghníomhach ag an gcinneadh nua, ach gur sa todhchaí amháin a bheadh feidhm leis. I gcomhréir le prionsabail an dea-riaracháin, ba cheart d’institiúid gach conclúid réasúnta a bhaint ó rialuithe de chuid Cúirteanna an Aontais. Bhain sé de thátal as nach bhfuil cosc ar institiúid a rogha a dhéanamh i dtaobh athbhreithnithe ar iarratas ó oifigeach athsholáthar a dhéanamh ar chinneadh críochnaitheach le cinneadh nua a thugann aird chuí ar chásdlí forbraíochta. Ba cheart d’institiúid gach toisc ábhartha a chur san áireamh nuair atá cumhachtaí discréide fairsinge dá leithéid á gcur chun feidhme. Dhún sé a fhiosrúchán le ráiteas breise.