Rochtain ar thuairim de Sheirbhís Dlí na Comhairle

Dostupné jazyky: bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Případ: 1170/2009/KM
    Otevřeno dne 4.6.2009, 4.6.2009 - Rozhodnutí ze dne 19.12.2011
  • Dotčená instituce (Dotčené instituce): Rada Evropské unie
  • Oblast(i) práva: Evropa občanů
  • Typy údajně nesprávného úředního postupu – i) porušení, nebo ii) porušení povinností týkajících se: Žádosti o informace [Článek 22 EKRSP]
  • Předmět(y): Vyřízení žádostí o informace a přístup k dokumentům (transparentnost)
Key
Autor:
Autorská práva : Stocklib ©

Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 1170/2009/KM i gcoinne Comhairle an Aontais Eorpaigh

In Eanáir 2009, d’iarr saoránach Gearmánach ar an gComhairle rochtain a thabhairt dó ar thuairim ag Seirbhís Dlí na Comhairle ag plé an bhunúis dlí maidir le rialachán ar bhia agus ar bheatha géinathraithe. Bhí an t-iarratas sin bunaithe ar Rialachán 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Níor thug an Chomhairle rochtain dó ach ar ailt tosaigh na tuairime, ag áiteamh gur bhain formhór den doiciméad leis an eisceacht a ghabhann le comhairle dlí a chosaint.

Chuaigh an gearánach i gcomhairle an Ombudsman, ag áiteamh gur bhain an Chomhairle an bhrí mhícheart as an mbreithiúnas ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcás Sweden agus Turco v an Chomhairle agus go raibh sé de cheart aici rochtain a thabhairt ar an doiciméad iomlán. Ó thaobh nós imeachta de, shonraigh sé, cé nach n-éilíonn Rialachán 1049/2001 go docht uirthi amhail a dhéanamh, go mbeadh sé níos fearr dá sonródh an Chomhairle an dáta iarbhír ar a dtiocfadh deireadh leis an tréimhse ama i ndáil le freagra a thabhairt. Chomh maith céanna, i gcás diúltaithe an iarratais rochtana, níor cheart di fanacht go dtí a litir diúltaithe deiridh chun iarratasóirí a chur ar an eolas maidir leis na réitigh infhaighte dóibh. An bonn a bhí leis sin ná dá gcuirfí iarratasóirí ar an eolas níos luaithe go mbeidís ábalta leas a bhaint as na réitigh dlí ar fáil dóibh chomh luath is a bhí teorainn ama freagartha na hinstitiúide dulta in éag.

D’oscail an tOmbudsman fiosrúchán. D’áitigh an Chomhairle go raibh an tuairim an-íogair agus go mb’fhéidir go ndéanfadh féidearthacht um fhoilsiú na comhairle dlí inmheánaigh dochar d’úsáideacht na dtuairimí dlíthiúla. Shonraigh sí freisin gur féidir le hiarratasóirí deireadh na teorann ama a ríomh iad féin agus dá gcuirfí ar an eolas iad maidir leis na réitigh ar fáil dóibh roimh dheireadh na teorann ama go mb’fhéidir go gcuirfí mearbhall orthu.

Tháinig an tOmbudsman, tar éis dó an doiciméad a iniúchadh, ar réamhchinneadh, ar léamh ceart de bhreithiúnas Turco, nár léirigh an Chomhairle go gcaithfí rochtain a dhiúltú d’fhonn a suim maidir le comhairle dlí úsáideach a fháil óna Seirbhís Dlí a chosaint. Rinne sé moladh dá bhrí sin ar réiteach chairdiúil, inar mhol sé gur cheart don Chomhairle rochtain iomlán a thabhairt ar an doiciméad úd. Maidir le pointí nós imeachta, mhol sé don Chomhairle iarratasóirí a chur ar an eolas maidir leis an dáta ar a ndéanfaí cinneadh agus maidir leis na réitigh ar fáil dóibh roimh an dáta sin.

Ina freagra, níor aontaigh an Chomhairle le hanailís an Ombudsman ach fós féin thug sí rochtain ar an doiciméad, de bharr an tréimhse ama a bhí gafa thart. D’aontaigh sí freisin go gcuirfeadh sí iarratasóirí ar an eolas maidir leis an dáta ar a mbeadh uirthi cinneadh a bheith déanta i ndáil lena n-iarratas. Mar sin féin, dhiúltaigh sí don mholadh iarratasóirí a chur ar an eolas roimh ré maidir leis na réitigh ar fáil dóibh.

Dheimhnigh an gearánach gur fuair sé an doiciméad agus go raibh sé sásta leis an toradh seo. Ghlac an tOmbudsman leis dá bhrí sin gur réitigh an Chomhairle an cás den chuid is mó agus nach raibh aon fhoras ann d’fhiosrúcháin bhreise maidir leis an gceist a bhí fágtha sa chás úd. Dhún sé an cás dá réir.