Evropský veřejný ochránce práv
Související dokumenty
Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 1711/2010/BEH i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh
Chuir dlíodóir a bhí ag gníomhú thar ceann an Uas. B, a bhí ina chomhalta d'fhoireann shealadach an Choimisiúin Eorpaigh ó 1989 go 1994, an gearán faoi bhráid. Trí ranníocaíochtaí a íoc, bhí teidlíochtaí gnóthaithe ag an Uas. B i leith pinsin ó scéim pinsean an AE. Ós rud é gur fhág an tUas. B an Coimisiún sular chuir sé íosmhéid de 10 mbliana isteach, chaill sé a cheart chun pinsean a fháil ó scéim pinsean an AE ach fuair sé deontas téarfa nuair a tháinig deireadh lena sheirbhís. Ós rud é go raibh suimeanna éagsúla i gceist leis an deontas, i Márta 2010 chuaigh an gearánach i dteagmháil leis an gCoimisiún agus d’iarr sé air méid na dteidlíochtaí pinsin a ghnóthaigh an tUas. B agus é ag obair leis an gCoimisiún a chur in iúl. Ina fhreagra, tharraing an Coimisiún aird an ghearánaigh ar bhreithiúnas de chuid Binse na Seirbhíse Sibhialta i ndáil leis an Uas. B agus shonraigh sé nach bhféadfaí aon fhaisnéis bhreise a sholáthar.
Ina ghearán leis an Ombudsman, mhínigh an gearánach go raibh breis faisnéise ag teastáil ón Uas. B ón gCoimisiún d’fhonn an méid ceart den phinsean a bhí le fáil aige sa Ghearmáin a ríomh. Líomhain an gearánach gur theip ar an gCoimisiún an fhaisnéis iarrtha a sholáthar, go háirithe i ndáil le méid na dteidlíochtaí pinsin a d’fhéadfaí a bheith aistrithe go fostóir an Uas. B dá mbeadh na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair i gceist lena chás. D’éiligh sé gur cheart don Choimisiún an fhaisnéis iarrtha a sholáthar.
Ina thuairim, d’éiligh an Coimisiún nach bhféadfadh sé aon fhaisnéis bhreise a sholáthar. Ina dhiaidh sin d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún a chuid cúiseanna as diúltú faisnéis a sholáthar faoi mhéid theidlíochtaí pinsin an Uas. B a shonrú agus bunús a chur leo nó, sa chás nach bhfuil cúiseanna dá leithéid ann, an fhaisnéis iarrtha a sholáthar. Ina fhreagra, shonraigh an Coimisiún go raibh an gearánach freagrach as an tsuim ábhartha a ríomh é féin, agus mhínigh sé an fhoirmle le húsáid chuige sin mar aon leis na suimeanna le hiontráil san fhoirmle i gcás an Uas. B. Ina bhreathnóireachtaí, ghabh an gearánach buíochas leis an Ombudsman as a chuid iarrachtaí fuinniúla chun an t-ábhar a réiteach.
Mheas an tOmbudsman go raibh an fhaisnéis iarrtha soláthartha ag an gCoimisiúin i gcaitheamh a chuid fiosrúcháin. I bhfianaise na faisnéise a soláthraíodh, agus ag cur breathnóireachtaí an ghearánaigh san áireamh, bhain an tOmbudsman de thátal as go raibh an cás réitithe ag an gCoimisiún chun sástacht an ghearánaigh.